Written answers

Tuesday, 27 September 2016

Department of Agriculture, Food and the Marine

Cuanta agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

836. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine an bhfuil sé i gceist aige casadh le hiascairí beaga as cuan Ros an Mhíl, go mór mór na hiascairí ribí róibéis agus gliomach, a bhfuil na hoibreacha atá á ndéanamh ag a Roinn sa chuan sin faoi láthair ag cur as dá slí bheatha; cén fáth ar socraíodh an obair seo a dhéanamh ag an am den bhliain is mó a chuirfeadh as do na hiascairí seo ó thaobh ioncaim de; an mbeidh cúiteamh le fáil as a gcaillteanas ioncaim gearrthéarma agus fadtéarma de bharr na n-oibreacha seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27369/16]

Photo of Michael CreedMichael Creed (Cork North West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Leithdháileadh €1.8m le haghaidh sínidh ar an gcuan d’árthaí beaga ag Lárionad Chuan Iascaigh Ros an Mhíl faoi Chlár Caipitiúil um Chuanta Iascaigh agus Bonneagar Cósta 2016 an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara 2016.

Bhí sé curtha sa sceideal go dtosnódh oibreacha ar an dtionscadal dé Luain 15ú Lúnasa 2016, agus go dtosnódh an Conraitheoir le hoibreacha dreideála chun cainéil isteach agus báisín sa chuan laistigh a  dhoimhniú chun na bpontún snámha agus an píleáil CAB, iolair agus feistis a ghabhann leo a éascú.

Fuarthas gach cead pleanála, cead dumpála ar fharraige agus cead limistéar beag intíre den chalafort a líonadh le roinnt den ábhar dreideála ó na hÚdaráis chuí agus tá siad go léir socraithe. Bhí comhairliúchán poiblí iomlán san áireamh sna Próiséis Comhthoilithe seo.

Críochnaíodh an chéad chéim den Chuan d’Árthaí Beaga ag Ros an Mhíl sa bhliain 2011/2012. Tá 25 bheart ann faoi láthair gur féidir leo spás a thabhairt do suas le 40 árthaí ag brath ar chumraíocht. Leirítear rath na forbartha seo toisc go bhfuil na rátaí lonnaíochta 100% sna míonna is gnóthaí agus go bhfuil an éileamh do spás ag méadú.

Soláthróidh an fhorbairt is deireanaí suas le 92 bheart breise agus meallfaidh sí líon mór cuairteoirí chuig Ros an Mhíl, agus a bheidh éifeacht seachtháirge eacnamaíochta uirthi sa cheantar áitiúil, rud a bhfuil géarghá leis, agus í ag freastal ar árthaí áitiúla ag an am céanna.

Tar éis eachtra ag Ros an Mhíl dé Luain 15ú Lúnasa, socraíodh cruinniú leis na Iascairí a bhfuil baint acu leis don Déardaoin 18ú Lúnasa agus bhí oifigigh ó mo Roinn i láthair.

Thabharfainn comhairle don Teachta go bhfuil tús curtha le hobair ar an bhforbairt agus go bhfuil an conraitheoir i gceannas ar an suíomh. Nuair a bheidh sé críochnaithe ní chuimsíodh an Chuan d’Árthaí Beaga ach limistéar neamhthábhachtach de 0.1% de limistéar dlínsiúil  Lárionad Chuan Iascaigh Chuan Chasla. Is é sin le rá nach mbeidh tionchar ag rian an Chuan d’Árthaí Beaga ar 99.9% de Chuan Chasla agus ní cuirfear isteach ar dheiseanna iascaireachta sa cheantar. Tá an limistéar a chuimsíonn rian an Chuan d’Árthaí Beaga nua gar don chladach, éadomhain agus taoide freisin.

Chinn an Tuairisc Scagthastála, a dtugtar faoi de réir Treoir Mhodheolaíoch Choimisiúin na hEorpa faoi forálacha Airteagal 6(3) agus 6(4) den Treoir ‘Gnáthóga’ 92/43/EEC (EC 2001), i measc nithe eile, nach mbeidh caillteanas gnáthóige de bharr na forbartha, nach mbeidh tionchair dhíreacha ar aon speiceas Mhamach Farraige agus go gceaptar go mbeidh aon cleitíní dríodair a dtagann ó na hoibreacha dreideála logánaithe agus sealadach.

Beidh clár monatóireachta cuimsitheach ar siúl i rith na hoibreacha chun bheith cinnte go gcoinneálfar cáilíocht uisce laistigh de na caighdeáin riachtanacha.

I gcomhréir leis an nós gnáthúil a bhunaíodh thar na blianta agus i gcas ar bith ní éiríonn ceist cúitimh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.