Written answers

Friday, 16 September 2016

Department of Justice and Equality

Cumas Gaeilge sa Gharda Síochána

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

120. To ask the Minister for Justice and Equality cén líon comhaltaí nua le Gaeilge a tugadh isteach sa Gharda Síochána i ngach babhta earcaíochta ó 2012 i leith faoin socrú go mbeadh sruth ar leith earcaíochta ann do dhaoine atá líofa sa Ghaeilge; cén líon acu siúd atá curtha ar dualgas faoin tráth seo sa Ghaeltacht agus cé na stáisiúin a bhfuil said lonnaithe iontu; cé na socruithe atá á ndéanamh lena chinntiú go mbeidh na Gardaí ar fad atá lonnaithe sa Ghaeltacht in ann a ngnó mar Ghardaí a dhéanamh trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [25190/16]

Photo of Frances FitzgeraldFrances Fitzgerald (Dublin Mid West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá An Garda Síochána lántiomanta a chuid oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh.

I ndáil leis an méid sin, déantar iarratasóirí atá líofa sa Ghaeilge agus a chomhlíonann na critéir incháilitheachta eile go léir a mheasúnú faoi shruth speisialta Gaeilge. Déantar iarratasóirí a n-éiríonn leo ón sruth seo a shannadh do limistéir Ghaeltachta ar feadh tréimhse de réir chinneadh Choimisinéir an Gharda Síochána. Chuir Coimisinéir an Gharda Síochána in iúl dom gur éirigh le 29 iarratasóir a rinne iarratas faoin sruth speisialta Gaeilge i gcomórtas 2013 agus go ndeachaigh beirt iarratasóirí a rinne iarratas faoin sruth speisialta Gaeilge in 2016 i mbun traenála i gColáiste an Gharda Síochána.

Tá an Rialtas seo tiomanta a chinntiú go mbeidh láithreacht láidir sofheicthe ag An Garda Síochána ar fud na tíre d'fhonn rannpháirtíocht an phobail a chothabháil agus a neartú, saoránaigh a chur ar a suaimhneas agus coireacht a dhíspreagadh. Is é an rud is tábhachtaí chun an sprioc sin a bhaint amach ná an gealltanas sa "Clár do Rialtas Comhpháirtíochta" chun leanúint leis an gclár luathaithe maidir le Gardaí a earcú le súil agus an líon Gardaí a ardú go dtí 15,000. Ag cur san áireamh an líon Gardaí is dócha a rachaidh ar scor, d'fhonn 15,000 Garda a bhaint amach beidh gá le tuairim is 3,200 comhalta nua a earcú chuig an nGarda Síochána ar bhonn céimnithe sna ceithre bliana amach romhainn, anuas ar an 1,200 a bheidh earcaithe faoi dheireadh na bliana seo ó athosclaíodh Coláiste an Gharda Síochána i Meán Fómhair 2014. Go dtí seo, tá 534 earcach fianaithe mar chomhaltaí den Gharda Síochána agus mar Ghardaí ar promhadh. Tá siad sannta do stáisiúin a chomhlíonann critéir shonracha lena chinntiú go bhfaighidh siad an taithí is gá a fháil chun gach gné dá gcuid traenála a chur i gcrích de réir riachtanais an B.A. sa Phóilíneacht Fheidhmeach. Tuigim gur cuireadh sin san áireamh nuair a sannadh na Gardaí ar promhadh a tháinig tríd an sruth Gaeilge, agus gur sannadh na daoine sin a bhí faoi oiliúint do stáisiúin traenála i Rannóga a bhfuil limistéir Ghaeltachta mar chuid díobh, nuair ab fhéidir sin.

D'fhonn earcaíocht leanúnach a chinntiú, bhí áthas orm a fhógairt gur cuireadh tús le feachtas earcaíochta nua an 8 Meán Fómhair, lena mbaineann sruth speisialtóra Gaeilge.

An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, thar ceann Choimisinéir an Gharda Síochána, atá ag eagrú an fheachtais. Ní mór iarratais a dhéanamh trí www.publicjobs.ieroimh an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais, an 29 Meán Fómhair 2016. Tá an feachtas earcaíochta reatha (a seoladh mí na Samhna seo caite) fós ar siúl agus leanfar ar aghaidh ag glaoch ar iarratasóirí a n-éireoidh leo san fheachtas sin i mbliana agus sa bhliain amach romhainn. Táthar ag súil go rachaidh na hiarratasóirí a n-éireoidh leo san fheachtas nua isteach i gColáiste an Gharda Síochána ó lár 2017 ar aghaidh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.