Written answers

Friday, 16 September 2016

Department of Education and Skills

Comhlachtaí Aistriúcháin

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

417. To ask the Minister for Education and Skills cé na coinníollacha a bhaineann leis an gcaighdeán Gaeilge i ndáil le tairiscintí a lorgaítear ó chomhlachtaí aistriúcháin le hábhar a aistriú go Gaeilge; an éilítear go mbeidh gach aistritheoir cáilithe agus ar an bpainéal a bhunaigh Foras na Gaeilge chuige seo, le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [25193/16]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Roinn seo tiomanta dá chinntiú go soláthraíonn sí an tseirbhís is fearr is féidir, sa dá theanga oifigiúla, dá cuid geallsealbhóirí agus don phobal i gcoitinne araon. De réir bheartas soláthair an Rialtais agus an Aontais Eorpaigh, d'fhoilsigh an Roinn seo creat ilsoláthraithe sa bhliain 2014 chun freastal ar na riachtanais shonracha aistriúcháin atá aici. Fógraíodh an iarraidh ar thairiscintí chun an creat a fhorbairt ar etenders.gov.ie, arb é an tsaoráid lárnach a úsáidfidh gach údarás conarthach san earnáil phoiblí chun

deiseanna soláthair agus fógraí dámhachtana a fhógairt. Fógraíodh an iarraidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh freisin.

D'fhonn aistriúcháin ar ardchaighdeán a chinntiú, sonraíodh san iarraidh ar thairiscintí nach mór ceann amháin ar a laghad de na cáilíochtaí seo a leanas a bheith ag baill den chreat:

1. Cáilíocht iarchéime in Aistriúchán na Gaeilge ó sholáthraí aitheanta oideachais tríú leibhéal nó a coibhéis (Leibhéal 9 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí)

2. Creidiúnú mar aistritheoir Gaeilge ó Fhoras na Gaeilge nó a choibhéis

3. Bunchéim céad onóracha nó dara honóracha ar a laghad dá raibh an Nua-Ghaeilge mar chomhpháirt lárnach agus ar bhronn soláthraí aitheanta oideachais tríú leibhéal í nó a coibhéis (Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí).

Ní mór ceann amháin ar a laghad de na cáilíochtaí atá leagtha amach thuas a bheith ag baill den chreat.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.