Written answers

Friday, 16 September 2016

Department of Education and Skills

Seirbhísí trí Ghaeilge

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

408. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuair sé an comhfhreagras, an suirbhé innealtóireachta agus na grianghraif a sheol scoil i gContae Dhún na nGall (sonraí leis seo) chuige, ina léirítear drochstaid fhoirgnimh na scoile; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24812/16]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá roinnt aighneachtaí ón scoil faighte ag an Roinn seo, lena n-áirítear suirbhéanna agus grianghraf. Maidir leis an mórthionscadal tógála don scoil dá bhfuil tagairt déanta ag an Teachta, tá Foireann Deartha fós le ceapadh chuige. Meastar go gcuirfear tús leis an bpróiseas sin ar ball beag. Déanfaidh Oifigigh ón Roinn seo teagmháil dhíreach leis an mBord Bainistíochta maidir leis na chéad chéimeanna eile den phróiseas. Cuireadh an tionscadal seo ar áireamh sa chlár sé bliana ar fhógair an tAire roimhe é lena gcur ar aghaidh chuig céim na tairisceana agus na tógála.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.