Written answers
Tuesday, 19 July 2016
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Forbairt Calaí agus Céanna
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
548. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén caiteachas a mheastar a dhéanfar i mbliana ar fhorbairt na céibhe ar Inis Oírr; cén méid atá caite go dtí seo i mbliana ar an togra seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [22879/16]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar a mhínigh mé don Teachta i mo fhreagra ar Cheist Dála Uimh 43 uaidh ar 7 Iúil 2016, tá sé socruithe go gcuirfear ciste an Rialtais don ché ar Inis Oírr ar fáil trí Vóta mo Roinne-se. Rinneadh léirmheas ar an Vóta sin, mar atá sonraithe san Imleabhar Meastachán Athbhreithnithe leasaithe do 2016, ag an Roghchoiste ar chúrsaí Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ar 5 Iúil 2016.
Níl aon chaiteachas déanta ag mo Roinn ar an togra go dtí seo i mbliana agus, ach an oiread le haon togra infreastruchtúir eile atá ar scála chomh mór leis seo, ní bheifear in ann tabhairt faoin obair go dtí go mbeidh na réamh-shocruithe riachtanacha uile tugtha chun críche. Tuigfidh an Teachta, mar sin, nach bhfuil sé indéanta meastachán cruinn a thabhairt ag an bpointe seo faoin gcaiteachas go bhféadfaí a dhéanamh idir anois agus deireadh na bliana.
No comments