Written answers

Tuesday, 19 July 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

545. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad iad na céimeanna atá tógtha aici le mí anuas lena chinntiú go mbeidh seirbhís aeir ann chuig Oileáin Árann tar éis deireadh mhí Mheán Fómhair; cad é an dáta deiridh chun tairiscintí a chur isteach ar an tseirbhís; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [22866/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a mhínigh mé don Teachta i sraith ceisteanna uaidh ar an ábhar seo agus go deireanach i mo fhreagra ar Cheist Tosaíochta Uimhir 3 ar 7 Iúil, tá an próiseas tairisceana don tseirbhís aeir ag leanúint ar aghaidh. Taobh le taobh leis an próiseas tairisceana do sheirbhís aeir, tá mo Roinn ag iarraidh teacht ar shocrú le húinéir Aerfort na Mine lena chinntiú go mbeidh rochtain ar an tsaoráid sin ar feadh tréimhse aon chonradh a eascróidh as an bpróiseas tairisceana. Tá fad curtha leis an spriocdháta do thairiscintí – suas go dtí 5 Lúnasa 2016 – chun deis a thabhairt teacht ar chomhaontú maidir leis an aerfort. Ar ndóigh, murar féidir teacht ar chomhaontú, ní bheidh ar chumas mo Roinne leanúint leis an bpróiseas tairisceana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.