Written answers
Thursday, 7 July 2016
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Cuanta agus Céanna
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
43. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta ó aistríodh an cúram ar ais chuig a Roinn maidir le síneadh a chur ar chéibh Inis Oírr. [19878/16]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé socruithe go gcuirfear ciste an Rialtais don ché ar Inis Oírr ar fáil trí mo Roinn. Mar is eol don Teachta, rinneadh léirmheas ar Vóta mo Roinne, mar atá sonraithe san Imleabhar Meastachán Athbhreithnithe leasaithe do 2016, ag an Roghchoiste ar Chúrsaí Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ar 5 Iúil 2016. Beidh sé i gceist ag mo Roinn bualadh leis na hoifigigh cuí i gComhairle Chontae na Gaillimhe go luath chun an obair seo a chur chun tosaigh.
No comments