Written answers

Thursday, 7 July 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Oifig an Choimisinéara Teanga

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

39. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad a cheapann an tAire faoi thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga agus faoi na fadhbanna atá léirithe inti. [19857/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I gcomhréir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 faoinar bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga, tá an Coimisinéir Teanga neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna. Cuireann an Coimisinéir Teanga tuarascáil maidir le gníomhaíochtaí a Oifige faoi bhráid an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta gach bliain le leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Leagadh Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2015 faoi bhráid Thithe an Oireachtais ar an 24 Meitheamh 2016 agus tá cur síos inti ar ghníomhaíochtaí éagsúla na hOifige le linn 2015, lena n-áirítear líon na ngearán agus na n-imscrúduithe ar déileáladh leo, obair faireacháin ar scéimeanna teanga, cúrsaí cumarsáide, cúrsaí airgeadais agus riaracháin agus nithe gaolmhara eile.

Díríonn an Coimisinéir Teanga aird ina thuarascáil ar nithe eile freisin, ina measc an gá a fheiceann sé le forálacha áirithe d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú agus le córas struchtúrtha chun poist le riachtanais Ghaeilge sa tseirbhís phoiblí a aithint agus a líonadh.

Go luath tar éis mo cheapacháin mar Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, thapaigh mé an deis labhairt leis an gCoimisinéir Teanga maidir leis na féidearthachtaí éagsúla a chuideodh le bonn níos láidre a chur faoi sholáthar seirbhísí Stáit i nGaeilge do shaoránaigh an Stáit. Beidh mé ag scrúdú na bhféidearthachtaí seo sna míonna amach romhainn d’fhonn moltaí sonracha a thabhairt chuig an gCoiste Rialtais ar na hEalaíona, an Ghaeilge agus an Ghaeltacht, atá bunaithe faoi chathaoirleacht an Taoisigh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.