Written answers

Thursday, 7 July 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Stráitéisí Ranna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

28. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad iad na pleananna atá aici maidir leis na greasáin Ghaeltachta a chur ar bun. [19881/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar atá a fhios ag an Teachta, tá forfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge áirithe go sonrach mar sprioc i gClár an Rialtais Rannpháirtíochta nua. Aithnímid a thábhachtaí agus atá an Ghaeilge mar chuid shainiúil dár n-oidhreacht agus dár gcultúr. Chuige sin, tá an Rialtas tiomanta do chur i bhfeidhm na Straitéise chun go dtiocfaidh méadú ar líon na ndaoine a úsáideann an Ghaeilge ina saol laethúil agus go mbeidh áit níos feiceálaí ag an teanga i sochaí an lae inniu.

Bhí an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge cúig bliana ar an bhfód ag deireadh na bliana anuraidh. Tá cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012 i gcroílár chur i bhfeidhm na Straitéise. Trí phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht, tabharfar an deis faoin bpróiseas do gach pobal Gaeltachta chomh maith le Bailte Seirbhíse Gaeltacht agus líonraí Gaeilge a bheith ag an roth stiúrtha mar a bhaineann sé le cur chun cinn na Gaeilge ag leibhéal an phobail fud fad na Gaeltachta.

Tá dul chun cinn suntasach déanta maidir le cur i bhfeidhm an phróisis go dtí seo:

- Tá allúntas €400,000 curtha ar fáil agam i mbliana do Údarás na Gaeltachta chun cabhrú leis na heagraíochtaí atá roghnaithe sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta lena gcuid pleananna teanga a ullmhú; is ionann sin agus ardú 100% thar an allúntas a bhí curtha ar fáil anuraidh, nó in 2014 go deimhin.

- As an bhfiche sé Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta atá aitheanta faoin Acht, tá tús curtha le hullmhú pleananna teanga in ocht gcinn déag díobh agus é i gceist go ndéanfaidh an tÚdarás dul chun cinn suntasach maidir le tús a chur leis an bpróiseas san ocht limistéar pleanála eile idir seo agus deireadh na bliana.

- Tá eagrán uasdátaithe de na Treoirlínte Pleanála Teanga, a d’fhoilsigh mo Roinn i dtús báire in 2014, curtha ar fáil. San eagrán nua seo, tugtar cur síos ar an gCóras Faisnéise Geografaí (GIS) atá forbartha agus curtha ar fáil ag mo Roinn le gairid mar áis bhreise tacaíochta do na heagraíochtaí atá agus a bheidh i mbun pleananna a ullmhú agus a chur i bhfeidhm faon bpróiseas.

- Ina theannta sin ar fad, beidh an tÚdarás agus Foras na Gaeilge, de réir mar a bhaineann sé leo, ag dul i mbun oibre ar an talamh ar bhonn céimneach maidir leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta a bhunú. Cheana féin, tá allúntas €40,000 curtha ar fáil agam d’Fhoras na Gaeilge chun cabhrú le dhá ghrúpa (Leitir Ceanainn agus Cathair na Gaillimhe) pleananna teanga a ullmhú agus obair i dtreo aitheantas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a bhaint amach. Lena chois sin, tá tús curtha ag Foras na Gaeilge leis an bpróiseas mar a bhaineann sé le líonraí Gaeilge, is é sin, ceantair a bhfuil bunmhais chriticiúil bainte amach acu maidir le tacaíocht pobail agus Stáit don Ghaeilge. Tá allúntas €45,000 curtha ar fáil agam d’Fhoras na Gaeilge chun cabhrú le trí ghrúpa (Muintir Chrónáin Teo, An Clár as Gaeilge agus Gaeilge Locha Riach) pleananna teanga a ullmhú agus obair i dtreo aitheantas mar Líonra Gaeilge a bhaint amach.

Tuigim gur ag obair i gcomhar lena chéile is fearr a bhainfidh muid torthaí fónta amach chun an oidhreacht bheo seo a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile. Sa tréimhse amach romhainn, beidh an Rialtas agus mo Roinn féin ag obair go dícheallach leis na páirtnéirí go léir, ag leibhéal an Stáit agus an phobail, chun na spriocanna atá leagtha amach sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a chur i gcrích.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.