Written answers

Wednesday, 6 July 2016

Department of Defence

Foireann Roinne

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

275. To ask the Taoiseach and Minister for Defence cén líon státseirbhíseach atá earcaithe le bliain anuas in a Roinn a bhfuil Gaeilge agus Béarla acu; cén grád ar ar earcaíodh iad; cén líon iomlán státseirbhíseach a earcaíodh I rith an ama sin agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20444/16]

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Earcaíodh 19 státseirbhíseach buan sa Roinn Cosanta sa tréimhse 12 mhí go dtí an 30 Meitheamh 2016. Leagtar amach sa tábla thíos mionsonraí faoi ghráid na 19 bpearsanra sin.

Grád Líon
Príomhoifigeach 2
Comhairleoir Dlí (comhionann le Príomhoifigeach Cúnta) 1
Ardoifigeach Feidhmiúcháin 2
Oifigeach Riaracháin 3
Oifigeach Feidhmiúcháin 4
Oifigeach Cléireachais 7

As na 19 bpearsanra a earcaíodh, ba bhaill foirne 11 díobh a aistríodh chuig an Roinn Cosanta ó oifig nó roinn rialtais eile agus b'iontrálaithe nua chuig an Státseirbhís 8 díobh. Chomh maith leis an 19 mball foirne buan a earcaíodh sa tréimhse 12 mhí, earcaíodh 6 phearsanra eile ar feadh tréimhsí sealadacha ó 3 go 12 mhí.

Níl aon phost sa Roinn Cosanta ina gcaithfidh pearsanra inniúlacht sa Ghaeilge a léiriú. Níl mórán caidrimh ag an Roinn leis an bpobal agus mar sin níl mórán éilimh ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge. Mar a fhoráiltear ina Scéimeanna Gaeilge reatha agus roimhe seo, baineann an Roinn úsáid as dream pearsanra a cuireadh le chéile ar bhonn deonach chun cabhrú le Brainsí na Roinne seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge agus chun freagra a thabhairt ar idirghníomhaíocht le custaiméirí más gá.

Tá seisear sa ghrúpa sin faoi láthair atá sásta cabhrú ar bhonn deonach le seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil agus is leor sin chun freastal ar riachtanais ina leith. Déantar athbhreithniú leanúnach ar an ngrúpa deonach seo.

I gcomhthéacs an mhéid sin, agus í ag earcú foirne le bliain anuas, níor shonraigh an Roinn gur gá do bhaill foirne scileanna sonracha a bheith acu i nGaeilge ná i mBéarla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.