Written answers

Wednesday, 6 July 2016

Department of Jobs, Enterprise and Innovation

Foireann Roinne

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

261. To ask the Minister for Jobs, Enterprise and Innovation cén líon státseirbhíseach atá earcaithe le bliain anuas in a Roinn a bhfuil Gaeilge agus Béarla acu; cén grád ar a earcaíodh iad; cén líon iomlán státseirbhíseach a earcaíodh i rith an ama sin agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20447/16]

Photo of Mary Mitchell O'ConnorMary Mitchell O'Connor (Dún Laoghaire, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon phost sainaitheanta ag mo Roinn ina próiseas pleanála fórsa saothair ina bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ina réamhriachtanas. De réir Scéim Teanga 2015-2018, tá mo Roinn tiomanta do mheasúnú a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar leibhéal an éilimh ar sheirbhísí trí Ghaeilge lena chinntiú go gcoinníonn sí uirthi ag comhlíonadh an éilimh sin ar bhealach pleanáilte comhtháite inrochtana. Go háirithe, tá gealltanas sa Scéim Teanga reatha go sainaithneofar, faoi dheireadh 2016, aon phost a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ina bunriachtanas lena aghaidh agus go ndéanfar gach iarracht leis na riachtanais seo a chomhlíonadh faoi dheireadh na scéime agus aird ar bheartais earcaíochta, ardaithe céime agus oiliúna, de réir mar is cuí.

Ceapadh 60 státseirbhíseach ar fad chun mo Roinne le bliain anuas (15 Oifigeach Cléireachais Shealadacha, a ceapadh le haghaidh tréimhse theoranta, ina measc) trí phróisis earcaíochta na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí agus, mar atá tugtha le fios agam, ní riachtanas ab ea inniúlacht sa Ghaeilge.

Rinneadh suirbhé foirne in 2012 chun leibhéal an éilimh ar sheirbhísí trí Ghaeilge ón Roinn a fháil amach. Dhearbhaigh torthaí an tsuirbhé sin go raibh an méid cumarsáide i nGaeilge a fuarthas le blianta beaga anuas an-íseal. Léirigh an suirbhé seo freisin gur thug 22% de na baill foirne a ghlac páirt ann le fios go raibh siad in ann gnáthchomhrá a dhéanamh. Thug 34% le fios go raibh siad in ann ciall ghinearálta litreacha agus ríomhphost a thuiscint, agus thug 17% le fios go raibh siad in ann litreacha agus ríomhphoist bhunúsacha a scríobh i nGaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.