Written answers

Wednesday, 6 July 2016

Department of Justice and Equality

Foireann Roinne

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

80. To ask the Minister for Justice and Equality cén líon státseirbhíseach atá earcaithe le bliain anuas in a Roinn a bhfuil Gaeilge agus Béarla acu; cén grád ar ar earcaíodh iad; cén líon iomlán státseirbhíseach a earcaíodh I rith an ama sin agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20448/16]

Photo of Frances FitzgeraldFrances Fitzgerald (Dublin Mid West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rinne mo Roinn 256 ball foirne a cheapadh le 12 mhí anuas. Tá baill foirne a earcaíodh mar Oifigigh Chléireachais Shealadacha san áireamh sa líon sin, a bhformhór acu atá fostaithe ar bhonn conartha ar théarma seasta chun folúntais shealadacha agus riachtanais foirnithe ghearrthéarma, a tháinig chun cinn ar fud na Roinne, a chlúdach. Níl an t-eolas atá iarrtha ag an Teachta maidir leis an líon foirne a earcaíodh le bliain anuas a bhfuil Gaeilge agus Béarla araon acu ar fáil. Mar is eol don Teachta, déantar baill foirne le haghaidh mo Roinne a earcú tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS).

Tá áthas orm a chur in iúl don Teachta, áfach, go bhfuil cohórt de bhreis is 40 oifigeach ag mo Roinn, arna tharraingt as na hacmhainní reatha, atá ar fáil chun seirbhísí a sholáthar (is é sin, ceisteanna agus fiosruithe a fhreagairt) as Gaeilge. Ó 2006 i leith, le tosach feidhme a Scéime Tionscnaimh Gaeilge, tá an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais tar éis 23 cúrsa inmheánach Gaeilge a reáchtáil, idir chúrsaí scríofa agus chúrsaí labhartha, arna gcur in oiriúint do bhaill foirne. Is iad Gaeleagras, Gaelchultúr agus an Foras Riaracháin a reáchtáil na cúrsaí seo, i gcomhthráth le chéile, i roinnt cásanna. Ina theannta sin, tá an Roinn tar éis tacú le baill foirne ar mhian leo cúrsaí Gaeilge a dhéanamh lasmuigh den Roinn, agus le hoifigigh a ghlac páirt i gcúrsa scríofa Gaeilge ar-líne, agus tá sí ag tacú i gcónaí le baill foirne ar mian leo cúrsaí Gaeilge a dhéanamh. Chuaigh oifigeach amháin de chuid na Roinne ar aghaidh chun Céim Mháistreachta sa Ghaeilge a dhéanamh, agus chuaigh oifigeach eile, a bhí tar éis freastal ar roinnt cúrsaí inmheánacha, ar aghaidh chun Céim B.A. sa Ghaeilge a dhéanamh.

Le linn Sheachtain na Gaeilge gach bliain, le roinnt blianta anuas, reáchtáil an Roinn imeacht chun úsáid na Gaeilge laistigh den Roinn a chothú, agus bhí freastal fíormhaith ar gach ceann de na himeachtaí sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.