Written answers
Wednesday, 6 July 2016
Department of An Taoiseach
Foireann Roinne
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
68. To ask the Taoiseach cén líon státseirbhíseach atá earcaithe le bliain anuas in a Roinn a bhfuil Gaeilge agus Béarla acu; cén grád ar a earcaíodh iad; cén líon iomlán státseirbhíseach a earcaíodh i rith an ama sin agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20449/16]
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Idir an 1 Meitheamh 2015 agus an 31 Bealtaine 2016, earcaíodh 16 ball foirne i mo Roinnse. Seo a leanas briseadh síos na ngrád:
6 Oifigeach Riaracháin;
1 Oifigeach Feidhmiúcháin;
7 Oifigeach Cléireachais; agus
2 bhall foirne Seirbhísí.
Tá caighdeán Gaeilge na hArdteistiméireachta ag 13 den 16 ball foirne a earcaíodh. Tá 1 duine amháin de na baill foirne sin ainmnithe mar oifigeach a labhróidh Gaeilge chun críocha seirbhísí do chustaiméirí.
Ba cheart a thabhairt ar aird gurb é an phríomhsprioc a bhaineann le hobair mo Roinnese ná déileáil leis an Rialtas agus le Ranna Rialtais is le hÁisíneachtaí Rialtais eile. Mar thoradh air sin, ní bhíonn mórán éilimh ón bpobal ar ár gcuid seirbhísí i nGaeilge.
No comments