Written answers
Thursday, 30 June 2016
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí Farantóireachta
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
147. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén uair a lorgófar tairiscintí le haghaidh na seirbhíse farantóireachta chuig Toraigh; an mbeidh sé mar choinníoll sa chonradh gur ón oileán a bheidh an chéad seirbhís fhóirdheonaithe den lá agus gur chuig an oileán a bheidh an ceann deireanach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [18925/16]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tiocfaidh críoch leis an gconradh reatha do sheirbhís farantóireachta Toraigh ar 31 Márta 2018. Tá an próiseas chun tairiscintí a lorg do chonradh úr don oileán tosaithe ag mo Roinn le tamall agus tá léirithe spéise don tseirbhís faighte. Sna seachtainí beaga romhainn amach, beidh mo Roinn ag eisiúint Iarratas ar Thairiscint chucu siúd a léirigh spéis. Tá comhdhéanamh an Iarratais ar Thairiscint sin á mheas ag mo Roinn faoi láthair, próiseas atá á chur i gcrích ag tógáil san áireamh, i measc nithe eile, tuairimí atá nochta ag pobal an oileáin.
No comments