Written answers

Tuesday, 28 June 2016

Department of Education and Skills

Patrúnacht Scoile

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

139. To ask the Minister for Education and Skills cé mhéad scoileanna atá ag feidhmiú faoi na pátrúin éagsúla, faoi seach, le cúig bliana anuas. [18323/16]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

140. To ask the Minister for Education and Skills cad iad na torthaí ar na comórtais uile a bhain le pátrúnacht ar na scoileanna nua uile. [18324/16]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 139 and 140 together.

Faoi láthair tá 4,009 scoil in Éirinn, 3,286 bunscoil ar a n-áirítear 141 scoil speisialta, agus 723 iar-bhunscoil. Tá sonraí faoi na scoileanna seo agus faoin bpátrúnacht atá orthu le fáil ar shuíomh idirlín na Roinne www.education.ie

Mar is eol gan dabht don Teachta, ó 2011 i leith is gnách nach mbunaítear scoileanna nua ach amháin i gceantair a bhfuil fás ag teacht ar an ndéimeagrafach iontu. Chun na críche seo, baineann mo Roinn leas as Córas Faisnéise Geografaí chun na ceantair ar fud na tíre a bhfuil méadú ag teacht ar an mbrú déimeagrafach orthu a shainaithint. Sa chóras seo úsáidtear raon foinsí sonraí chun bearta déimeagrafacha a chur i gcrích ar fud na tíre lena fháil amach cá bhfuil an gá le cóiríocht bhreise scoile ar leibhéal bunscoile agus iarbhunscoile araon.

Ó 2011 i leith, uair ar bith a gcinntear go bhfuil gá le scoil nua chun freastal ar riachtanais dhéimeagrafacha i gceantar, reáchtálann mo Roinn próiseas pátrúnachta ar leithligh chun a chinneadh cé a bheas ag reáchtáil na scoile. Tá cead ag gach pátrún agus pátrún ionchasach iarratas a chur isteach ar phátrúnacht na scoile faoin bpróiseas seo. De réir na gcritéar a úsáidtear i leith pátrúnachta ar scoileanna nua, leagtar béim ar leith ar an éileamh ó na tuismitheoirí ar an iolrachas agus ar an éagsúlacht. Bíonn sainroghanna na dtuismitheoirí i ngach aon cheantar, mar aon le méid na héagsúlachta atá le fáil faoi láthair sa cheantar, mar bhunús ríthábhachtach leis na cinntí maidir le toradh an phróisis. Ina leith seo, ní mór do na pátrúin ionchasacha teimpléad sainroghanna tuismitheoirí a chur faoi bhráid in éineacht lena n-iarratas ina bhfuil iarrtha ar thuismitheoirí a sainrogha a dhearbhú i bhfabhar oideachas a bheith curtha ar a gclann de réir shamhail scoile an phátrúin sin. Osclaíodh 42 scoil nua faoin bpróiseas seo ó 2011 i leith (24 bunscoil agus 18 iar-bhunscoil) agus éiteas il-sainchreidmheach ag 39 díobh (23 bunscoil agus 16 iar-bhunscoil).

Mar eolas don Teachta, tá tábla leis seo ina bhfuil na scoileanna nua a osclaíodh ó 2011 i leith leagtha amach mar aon le sonraí a gcuid pátrún faoi seach.

Bunscoil

Uimhir RollaAinm na ScoilePátrúnÉiteas
20382FGaelscoil na MiAn Foras PátrúnachtaMulti-denominational
20383HHansfield ETNSEducate TogetherMulti-denominational
20384JPowerstown ETNSEducate TogetherMulti-denominational
20400EBallinteer Educate Together NSEducate TogetherMulti-denominational
20402ICity West Educate Together NSEducate TogetherMulti-denominational
20398UCitywest & Saggart CNSDublin & Dun Laoghaire ETBMulti-denominational
20394MGaelscoil an ChuillinAn Foras PátrúnachtaInter-denominational
20401GStepaside Educate Together NSEducate TogetherMulti-denominational
20396QAshbourne Educate Together NSEducate TogetherMulti-denominational
20403KKildare Town Educate Together NSEducate TogetherMulti-denominational
20412LGaelscoil Teach GiúiseAn Foras Pátrúnachta Multi-denominational
20411JFirhouse Educate Together NS Educate TogetherMulti-denominational
20425UGaelscoil Shliabh RuaAn Foras PátrúnachtaMulti-denominational
20426WScoil OscairDublin & Dun Laoghaire ETBMulti-denominational
20413NDouglas Rochestown Educate Together NSEducate TogetherMulti-denominational
20428DGaelscoil Mhic AodhaAn Foras Pátrúnachta Multi-denominational
20422OScoil Aoife CNS Dublin & Dún Laoghaire ETBMulti-denominational
20440QMallow CNS Cork ETBMulti-denominational
20410HKnocknacarra Educate Together NSEducate TogetherMulti-denominational
20441SShellybanks Educate Together NS Educate TogetherMulti-denominational
20473IGreystones CNSKildare & Wicklow ETBMultidenominational
20462DGalway Steiner NS Lifeways Ireland Ltd (Steiner Model)Multidenominational
20392IPelletstown/Ashtown Educate Together NSEducate TogetherMultidenominational
20442UScoil Chliodhna CNS CarrigtohillCork ETBMultidenominational

Iar-bhunscoil

Uimhir RollaAinm na ScoilePátrúnÉiteas
76127DGorey Community CollegeWaterford & Wexford ETBMulti denominational
76213TLusk Community CollegeDublin & Dun Laoghaire ETBMulti denominational
76233CColáiste Bhaile ChláírGalway & Roscommon ETBMulti denominational
76096SMerlin College, Doughiska Galway & Roscommon ETBMulti denominational
76173KColáiste na MíLouth & Meath ETBMulti denominational
68101MHansfield Educate Together Secondary SchoolEducate TogetherMulti denominational
68083NLe Chéile Secondary SchoolLe Chéile Schools TrustCatholic
76193QMaynooth Community College (Maynooth, Co. Kildare)Kildare & Wicklow ETBMulti denominational
91573NBallymakenny CollegeJoint patronage of Louth & Meath ETB and Educate TogetherMulti denominational
76195UPobalcholáste Chú Chulainn Louth & Meath ETBMulti denominational
76196WDe Lacy College Louth & Meath ETBMulti denominational
68082LColáiste Ghlór na Mara An Foras PátrúnachtaMulti denominational
68161HGaelcholáiste an PhiarsaighAn Foras PátrúnachtaMulti denominational
68081JTemple Carrig Secondary SchoolArchbishop of Dublin & Bishop of GlendaloughChurch of Ireland
76152CKishoge Community CollegeDublin & Dun Laoghaire ETB in partnership with Educate TogetherMulti denominational
91614BCommunity School CelbridgeJointly Educate Together and Kildare and Wicklow ETBMulti denominational
76273OGaelcholáiste Charraig Uí Leighin Cork ETBMulti denominational
76194SNaas Community College Kildare & Wicklow ETBMulti denominational

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.