Written answers

Tuesday, 21 June 2016

Department of Education and Skills

Torthaí Scoile

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

167. To ask the Minister for Education and Skills cad iad na torthaí atá ar fáil ó na cineálacha éagsúla scoileanna iar-bhunoideachais sa chóras oideachais idir mheánscoileanna saorálacha, phobalscoileanna, Ghaelcholáistí agus scoileanna cuimsitheacha; an ndéanfaidh sé an t-idirdhealú eatarthu a lua. [16822/16]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sonraí ar na ngnóthachtáil choibhneasta ag mic léinn 15 bliana d'aois in iar-bhunscoileanna deonacha, i scoileanna pobail agus cuimsitheacha, agus i scoileanna faoi phátrúnacht na mBord Oideachais agus Oiliúna i Litearthacht na Léitheoireachta, sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht ar fáil ó na tuarascálacha náisiúnta a d'eascair mar thoradh ar an anailís ar shonraí a bailíodh mar chuid den Chlár Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí (PISA) agus atá foilsithe ag an bhForas Taighde ar Oideachas (ERC). I 2014, foilsíodh na torthaí ar an staidéar PISA a tharla i 2013 agus tá fáil orthu ar láithreán gréasáin an ERC. Bailíodh na sonraí do PISA 2015 in earrach na bliana 2015 agus foilseofar na sonraí ón staidéar sin i mí na Nollag 2016.

In earrach na bliana 2015 bailíodh sonraí den chineál céanna, a bhaineann leis an ngnóthachtáil choibhneasta sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht ag mic léinn dara bliana na scoileanna seo, sa Staidéar ar Threochtaí Idirnáisiúnta ar Mhatamaitic agus ar Eolaíocht (TIMSS 2015) agus táthar ag súil go ndéanfar iad seo a fhoilsiú ag deireadh na bliana 2016. Cruthóidh na sonraí deis comparáide idir ghnóthachtálacha na mac léinn i ngach ceann de na trí chineál iar-bhunscoileanna. Níl fáil i PISA ná i TIMSS ar shonraí ar leith don ghnóthachtáil ag mic léinn i nGaelcholáistí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.