Written answers
Tuesday, 14 June 2016
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Scéimeanna Teanga
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
378. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén idirphlé a bhí ann idir a Roinn agus an Roinn Oideachais agus Scileanna go dtí seo maidir le dréacht de ráiteas straitéise na Roinne Oideachais agus Scileanna atá ag dul trí phróiseas comhairliúcháin faoi láthair; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15316/16]
Heather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is féidir liom a chinntiú go ndearna mo chomhghleacaí, an tAire Oideachais agus Scileanna, teagmháil liom i dtaca leis an bpróiseas comhairliúcháin atá tosaithe d’fhonn tuairimí a fháil a chuirfeadh bonn eolais faoi ullmhú Ráiteas Straitéise a Roinne.
Tá mo Roinnse ag breathnú ar na ceisteanna a ardaíodh leis an bpáipéar comhairliúcháin a scaip an Roinn Oideachais agus Scileanna agus tabharfar aisfhreagra sa chás go luath.
No comments