Written answers
Tuesday, 14 June 2016
Department of Education and Skills
Cúrsaí Gaeilge
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
199. To ask the Minister for Education and Skills cé mhéid cúrsaí trí Ghaeilge atá ann san earnáil oideachais tríú leibhéal; cé mhéid foirgnimh a tógadh do Ghaelscoileanna agus an bhfuil an ráta céanna tógála foirgneamh ann do Ghaelscoileanna is atá ann do scoileanna i gcoitinne. [15582/16]
Richard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá méadú tagtha ar líon iomlán na nGaelscoileanna ó 224 in 2000 go dtí 247 in 2016.
Ó 2011 i leith, ní gnách scoileanna nua a thógáil ach amháin i gceantair ina bhfuil méadú ag teacht ar an daonra. Baineann mo Roinnse leas as Córas Faisnéise Geografaí chun na ceantair is mó atá faoi bhrú déimeagrafach ar fud na tíre a aithint. Faoin gcóras seo úsáidtear sonraí ón bPríomh-Oifig Staidrimh, ó Shuirbhéireacht Ordanáis na hÉireann, agus ón Roinn Coimirce Sóisialaí mar aon le heolas as bunachair sonraí mo Roinne féin. Leis an eolas seo ar fad, cuirtear bearta déimeagrafacha i gcrích ar fud na tíre lena fháil amach cén áit a bhfuil gá le cóiríocht bhreise scoile ag an mbunleibhéal agus an iarbhunleibhéal araon.
Áit a bhfuil cinneadh déanta go bhfuil gá le scoil nua chun freastal ar riachtanais dhéimeagrafacha i gceantar reáchtálann mo Roinn próiseas pátrúnachta ar leith chun a chinneadh cé a bheidh mar phátrún ar an scoil. Tá cead ag gach pátrún agus pátrún ionchasach iarratas a chur isteach ar bheith mar phátrún ar an scoil faoin bpróiseas seo agus bíonn céadroghanna na dtuismitheoirí i leith gach aon phátrúin thar a bheith tábhachtach le haghaidh na gcinntí maidir le toradh an phróisis.
Tá an Roinn ag cur le chéile an eolais eile atá á lorg ag an Teachta agus cuirfear ar aghaidh chuig an Teachta é a luaithe is féidir.
No comments