Written answers
Tuesday, 14 June 2016
Department of Transport, Tourism and Sport
Córas Faisnéise Dhátheangach
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
553. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport an bhfuil sé i gceist aige maoiniú a chur ar fáil d’Iarnród Éireann le gur féidir leo dul ar aghaidh leis an bhforbairt bogearraí atá ag teastáil don Chóras Faisnéise do Chustaiméirí le go mbeidh ar a chumas aschur dátheangach a dhéanamh chomh luath agus is féidir ar na cláracha leictreonacha faisnéise mar a mhol an Coimisinéir Teanga an 19 Bealtaine 2010; cén chúis atá le gan an t-airgead a bheith curtha ar fáil go dtí seo d’Iarnród Éireann don chúram seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15315/16]
Shane Ross (Dublin Rathdown, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt táim freagrach as beartais agus maoiniú ar an iomlán maidir le hiompar poiblí. Ach, níl baint agam leis na gnóthaí laethúla de seirbhisí Iarnród Éireann nó lena tionscnaimh seirbhíse do chustaiméirí – is ábhair iad le haghaidh an comhlacht féin.
Dá bhrí sin, tá do litir curtha ar aghaidh agam chuig Iarnród Éireann, agus d’iarr mé orthu fiosrú a dhéanamh faoi seo agus freagra a chur chugat laistigh de thrí seachtaine. Mura bhaigheann tú freagra taobh istigh den achar ama seo téigh i dteaghmháil liom arís faoi.
No comments