Written answers
Wednesday, 8 June 2016
Department of Education and Skills
Pleananna Oideachais
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
237. To ask the Minister for Education and Skills cén uair atá sé i gceist Beartas Oideachais don Ghaeltacht a fhoilsiú; cad iad na bearta a chaithfear a dhéanamh sula bhfoilseofar é; an bhfuil costáil déanta ar chur i bhfeidhm an phlean; an bhfuil soláthar airgid curtha ar fáil chuige seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [14815/16]
Richard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá obair idir láimhe faoi láthair chun an polasaí deiridh don oideachas Gaeltachta a thabhairt chun críche ag tabhairt san áireamh torthaí an phróisis chomhairliúcháin. Tá na roghanna polasaí agus poitéinseal na ngníomhaíochtaí éagsúla á scrúdú le hais na costais agus na tairbhí, agus i bhfianaise thorthaí an phróisis chomhairliúcháin ar na moltaí polasaí, ach go háirithe na roghanna polasaí a rachadh chun tairbhe na teanga agus an oideachas Gaeltachta.
Tá sé aitheanta ag an Rialtas go bhfuil bearta acmhainní breise ag teastáil chun cur chuige, de réir mar atá léirithe sna Moltaí Polasaí, a chur i bhfeidhm, ach tá cinneadh le déanamh fós maidir le líon na n-acmhainní a bheidh i gceist. Beidh an polasaí Gaeltachta á chur faoi bhráid an Rialtais ag an Aire in 2016.
No comments