Written answers

Wednesday, 8 June 2016

Department of Health

Scéim na dTinneas Fadtéarmach

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

487. To ask the Minister for Health an bhfuil sé i gceist aige, ó nach bhfuil airtríteas réamatóideach ar an liosta tinneas fadtéarmach le haghaidh cárta liachta lánroghnach, é a chur ar an liosta. [14802/16]

Photo of Simon HarrisSimon Harris (Wicklow, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bunaíodh an Scéim Tinnis Fhadtéarmaigh (LTI) faoi Alt 59(3) den Acht Sláinte, 1970 (arna leasú). I 1971, 1973 agus 1975, rinneadh Rialacháin a shonraíonn na riochtaí seo a leanas a chumhdaítear leis an Scéim LTI: géarleoicéime; éislinn meabhrach; pairilis cheirbreach; meabhairghalar (i nduine faoi 16); fiobróis chisteach; scléaróis iolrach; diabetes insipidus; diostróifithe mhatánach; diabetes mellitus; galar Parkinson; titimeas; feinilcéatónúire; haemaifilia; spina bifida; hidriceifileas; agus riochtaí a eascraíonn as úsáid na Tailídimíde. Ní beartáitear liosta na riochtaí a cumhdaítear leis an Scéim LTI a leathnú.

Faoin Scéim Íocaíochta Drugaí, ní íocann duine aonair nó teaghlach ar bith níos mó ná €144 in aghaidh na míosa féilire i dtreo chostas leigheasanna ordaithe formheasta. Laghdaíonn an scéim go mór an t-ualach costais ar theaghlaigh agus ar dhaoine aonair a bhaineann le tabhú chaiteachas leanúnach ar chógais.

Faoi fhorálacha na nAchtanna Sláinte, cuirtear cártaí leighis ar fáil do dhaoine nach bhfuil in ann, gan chruatan míchuí, seirbhísí sláinte a shocrú dóibh féin agus dá gcleithiúnaithe. Sa phróiseas measúnaithe, féadfaidh an HSE costais leighis a thabhaíonn duine aonair nó teaghlach a chur san áireamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.