Written answers

Thursday, 2 June 2016

Department of Education and Skills

Gaelscoileanna Il-sainchreidmheacha

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

171. To ask the Minister for Education and Skills cad iad na pleananna atá aige chun gaelscoil ilchreidmheach a chur ar fáil i gceantar Dhroim Conrach i mBaile Átha Cliath le go ndéanfar freastal ar mhianta cuid mhór tuismitheoirí agus a bpáistí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh [14121/16]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ó 2011 ní gnách scoileanna nua a thógáil ach amháin i gceantair ina bhfuil méadú ar an daonra. Tá próiseas oscailte cinnte patrúnachta i bhfeidhm ag an Roinn maidir le cé a bheidh mar phatrún ar na scoileanna. Is faoi gach patrún agus patrún ionchasach atá sé iarratas a dhéanamh faoin bpróiseas seo agus is é éileamh ó thuismitheoirí an rud is tábhachtaí.

Tá Córas Faisnéise Geografaí in úsáid ag an Roinn chun na ceantair ar fud na tíre is mó atá faoi bhrú déimeagrafach a aithint. Sa chóras seo úsáidtear sonraí ón bPríomh-Oifig Staidrimh, ó Shuirbhéireacht Ordanáis na hÉireann, ón Roinn Coimirce Sóisialaí agus ón bhunachair shonraí na Roinne seo. Leis an bhfaisnéis seo, déanann an Roinn seo againne cleachtaí déimeagracha ar fud a tíre le fáil amach cá háit a bhfuil gá le cóiríocht bhreise scoile ar leibhéal bunscoile agus iarbhunscoile araon.

Maidir le mo chinneadh ar phatrúnacht cheantar Dhroim Conrach/Marino, rinne an Roinn seo measúnú ar na hiarratais a fuarthas agus d'ullmhaigh tuarascáil le cur faoi bhráid an Ghrúpa um Bunú Scoileanna Nua, a chuir a dtuarascáil siúd agus a gcuid moltaí ar aghaidh chugamsa le go mbreithneoinn iad agus cinneadh deireanach a dhéanamh. Ghlac mé lena moladh agus beidh an phatrúnacht mar a fógraíodh í. Mar sin féin, rinne an Grúpa tagairt don éileamh láidir ar oideachas Gaeilge i gceantar Dhroim Conrach/Marino agus mhol siad an t-ábhar a choimeád faoi athbhreithniú i gcleachtaí déimeagrafacha a dhéanfar amach anseo.

Mar is eol don Teachta, b'fhéidir, is é an phríomhchúram ar an Roinn seo a chinntiú go bhfuil slí sna scoileanna in aon cheantar ar leith do na daltaí uile a iarrann áit iontu. Dá bharr brúnna déimeagrafacha, is féidir nach bhfaigheadh gach dalta áit sa scoil is céadrogha di nó dó.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.