Written answers
Wednesday, 1 June 2016
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
An Clár Rialtais
David Cullinane (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
61. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhféadfadh sí léiriú a thabhairt ar roinnt an bhuiséid atá geallta d’Údarás na Gaeltachta sa Chlár don Rialtas. [13192/16]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, tá spriocanna sonracha leagtha síos sa Chlár Rialtais maidir leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht, lena n-áirítear cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht trí Údarás na Gaeltachta agus infheistíocht sa Ghaeilge a mhéadú.
Ar ndóigh, is tríd an phróiseas meastacháin agus cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil do mo Roinnse agus, go deimhin, do na Ranna Rialtais go léir. Sa chomhthéacs sin, tuigfidh an Teachta go ndéanfar soláthar airgid an Údaráis ón Státchiste don bhliain 2017 a mheas i gcomhthéacs an phróisis sin níos déanaí i mbliana.
No comments