Written answers

Wednesday, 1 June 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Brendan SmithBrendan Smith (Cavan-Monaghan, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

47. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé na tosaíocthaí a bheidh aici i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta do thearma an rialtais seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13311/16]

Photo of Carol NolanCarol Nolan (Offaly, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

48. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhféadfadh sí léiriú a thabhairt ar an mbuiséad atá aontaithe aici don Ghaeilge agus don Ghaeltacht don bhliain atá romhainn. [13270/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 47 agus 48 le chéile.

Mar is eol do na Teachtaí, tá spriocanna sonracha leagtha síos sa Chlár Rialtais maidir le:

- Forfheidhmhiú na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge;

- Cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht trí Údarás na Gaeltachta;

- Páistí a spreagadh chun freastal ar réamhscoileanna lán-Ghaeilge nó ar naíonraí sa Ghaeltacht;

- Aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge mar theanga oibre iomlán in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus céimeanna cuí a thógáil chun deireadh a chur leis an maolú; agus

- Infheistíocht sa Ghaeilge a mhéadú.

Ar ndóigh, tá an Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge fite fuaite le gníomhaíochtaí mo Roinne thar na réimsí Gaeilge agus Gaeltachta go léir agus beidh sé mar chéad thosaíocht agamsa an Straitéis sin a chur i bhfeidhm i gcomhar leis na páirtithe leasmhara.

Maidir le cúrsaí buiséad, ní miste dom a mheabhrú do na Teachtaí gur tríd an phróiseas Meastacháin agus Cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil do mo Roinnse agus, go deimhin, do na Ranna Rialtais go léir. Sa chomhthéacs sin, tuigfidh an Teachta go ndéanfar an soláthar airgid don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ón Státchiste don bhliain 2017 a mheas i gcomhthéacs an phróisis sin níos déanaí i mbliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.