Written answers

Tuesday, 31 May 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

596. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cá mhéad infheistíocht bhreise a bheidh le déanamh sa Ghaeilge, mar atá ráite sa Chlár Rialtais; agus an ndeimhneoidh sí go mbainfear úsáid as an infheistíocht bhreise seo chun go gcuirfear i gcrích na tascanna atá luaite in Éilimh Phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, doiciméad a cuireadh chuig an Roinn roimh an toghchán agus a comhaontaíodh le 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [12737/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, tá spriocanna sonracha leagtha síos sa Chlár Rialtais maidir le:- Forfheidhmhiú na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge;

- Cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht trí Údarás na Gaeltachta;

- Páistí a spreagadh chun freastal ar réamhscoileanna lán-Ghaeilge nó ar naíonraí sa Ghaeltacht;

- Aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge mar theanga oibre iomlán in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus céimeanna cuí a thógáil chun deireadh a chur leis an maolú; agus

- Infheistíocht sa Ghaeilge a mhéadú.

Ar ndóigh, tá an Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge fite fuaite le gníomhaíochtaí mo Roinne thar na réimsí Gaeilge agus Gaeltachta go léir agus beidh sé mar chéad thosaíocht agamsa an Straitéis sin a chur i bhfeidhm i gcomhar leis na páirtithe leasmhara. Maidir le cúrsaí buiséad, ní miste dom a mheabhrú don Teachta gur tríd an phróiseas Meastacháin agus Cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil do mo Roinnse agus, go deimhin, do na Ranna Rialtais go léir. Sa chomhthéacs sin, tuigfidh an Teachta go ndéanfar an soláthar airgid don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ón Státchiste don bhliain 2017 a mheas i gcomhthéacs an phróisis sin níos déanaí i mbliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.