Written answers
Thursday, 26 May 2016
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Pleananna Teanga
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
175. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad é líon na bpleananna teanga ar tugadh faomhadh ina leith gach bliain ó tháinig an tAcht Teanga i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [12289/16]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá eolas maidir leis an líon scéimeanna teanga a daingníodh gach bliain ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm tugtha sa tábla thíos:
Bliain | Líon scéimeanna |
---|---|
2004 | 1 |
2005 | 22 |
2006 | 18 |
2007 | 29 |
2008 | 15 |
2009 | 22 |
2010 | 16 |
2011 | 1 |
2012 | 9 |
2013 | 16 |
2014 | 21 |
2015 | 21 |
2016 go dáta | 7 |
Iomlán | 198 |
Tugadh faomhadh i leith 198 scéim teanga ó tháinig an tAcht Teanga i bhfeidhm, idir chéad, dhara agus thríú scéimeanna.Mar is eol don Teachta, faoi réir alt 14(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, fanann scéim i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana ón dáta a ndaingnítear í nó go dtí go mbíonn scéim nua daingnithe, cibé acu is déanaí.
Is mian liom a mheabhrú don Teachta fosta go bhfuil sonraí maidir leis na scéimeanna uilig atá daingnithe go dáta, mar aon leis na scéimeanna atá a n-ullmhú faoi láthair, ar fáil ar shuíomh gréasáin Oifig an Choimisinéara Teanga www.coimisineir.ie.
No comments