Written answers

Wednesday, 25 May 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Cartlann Náisiúnta

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

226. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad é an líon comhad nach bhfuil aistrithe ag an Roinn chuig an gCartlann Náisiúnta faoin Riail 30 Bliain le trí bliana anuas; an bhfuil liosta díobh ann; an dtabharfaidh sí míniú (maidir le gach comhad) ar an gcúis nár aistríodh iad; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11952/16]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá nósanna imeachta soiléire in áit ag mo Roinnse maidir le haistriú comhad chuig an gCartlann Náisiúnta i gcomhréir le hAlt 8 den Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986. Feidhmíonn Príomhoifigigh i mo Roinn mar Oifigigh Deimhnithe dá n-aonaid ghnó faoi seach agus tá siad freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar an bpróiseas maidir le sainaithint, socrú, uimhriú, glanadh, pacáil, lipéadú agus seachadadh na dtaifead atá le haistriú chuig an gCartlann Náisiúnta.Ní miste dom a rá, de bharr nádúr réimsí áirithe d’obair mo Roinne, go bhfuil líon mór comhad atá sách sean á gcoinneáil ag mo Roinn mar go bhfuil úsáid ghníomhach á baint astu i gcónaí. Mar shampla, le comhaontú roimh ré ón gCartlann Náisiúnta, tá mórán comhad a bhaineann le séadchomharthaí seandálaíochta, atá na déaga de bhlianta d’aois, á gcoinneáil i gcónaí ag mo Roinn mar go bhfuil úsáid á baint astu i gcónaí ar mhaithe le Suirbhé Seandálaíochta na hÉireann, cosaint séadchomharthaí etc.

Bronntar comhaid nach bhfuil in úsáid níos mó, nó nach bhfuil riachtanach do riarachán leanúnach na Roinne, ar an gCartlann Náisiúnta, fad is go bhfuil stóras fadtéarmach agus réitigh coimeádaíochta ar fáil. É sin ráite, tá sé ráite liom gur choinnigh an tOifigeach Deimhnithe ábhartha na taifid thíos laistigh den tréimhse a shonraigh an Teachta:

- A4/82 - Údarás na Gaeltachta (Fiosrúchán);

- A16/83 - Údarás na Gaeltachta (Nochtadh Eolais);

- A22/83 - Údarás na Gaeltachta (Fadhbanna maidir le hÚdarás na Gaeltachta)

Ullmhaíodh an teastas do choinneáil na dtaifead seo faoi alt 8(4) den Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986 agus faoi Rialacháin ghaolmhara 1988 (I.R., 385 de 1988) an Achta um Chartlann Náisiúnta, 1986, ar na forais go bhféadfadh a scaoileadh a bheith:

- i gcoinne leas an phobail;

- ina shárú ar dhualgas reachtúil nó ar mheon macánta ar an mbonn go bhfuil eolas iontu a tugadh faoi rún; nó

- ina chúis anacra nó chontúirte do dhaoine atá beo, ar an mbonn go bhfuil eolas iontu faoi dhaoine aonair a bhféadfadh gníomh do chlúmhilleadh a bheith mar thoradh ar a scaoileadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.