Written answers
Tuesday, 24 May 2016
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Forbairt na Gaeilge
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
382. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil iarratas faighte aici ar dheontas le forbairt a dhéanamh ar chultúrlann Ghaeilge i dTamhlacht; cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas; cén staid sa phróiseas ag a bhfuil sé; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11168/16]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is mian liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil iarratas faighte ag mo Roinn ó Ghaelphobal Thamhlachta ar mhaoiniú chun ionad Gaeilge a fhorbairt. Ar 11 Eanáir 2016, iarradh ar an iarratasóir eolas breise a chur ar fáil chun go mbeifear in ann an t-iarratas a mheas. Ní bhfuarthas aon fhreagra ón iarratasóir go fóill.
No comments