Written answers

Tuesday, 24 May 2016

Department of Education and Skills

Foirne Scoile

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

148. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sé sásta faomhadh a thabhairt láithreach do scoil chun cúntóir riachtanas speisialta a fhostú (sonraí tugtha) de bharr na moille agus na deacrachta a bhíonn ann do Ghaelscoileanna daoine le Gaeilge a fhostú do na poist seo agus an fíorghá atá ag an bpáiste atá i gceist leis an gcúntóir; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11311/16]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil méadú tar éis teacht ar líon na Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRSanna) le blianta beaga anuas ó 10,575 post i 2011, go 12,040 suas go Meitheamh 2016. Sa tréimhse chéanna tá líon na leanaí a fhaigheann rochtain ar thacaíocht CRS tar éis fás ó thimpeall 22,000 go 30,000 faoi dheireadh 2015. Tugadh tacaíocht don mhéadú ar líon CRS trí mhéadú an-suntasach ar an mBuiséad do CRSanna, a d'ardaigh ó €332 milliún i 2011 go €402 milliún faoi dheireadh na bliana 2015. Seo leibhéal tacaíochta CRSanna níos airde ná a bhí ann riamh, rud a chinnteoidh go bhféadfaidh le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a bheith rannpháirteach san oideachas agus go bhfaighidh siad tacaíocht ar bhealach atá oiriúnach dá riachtanais. Tá an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) freagrach, trína líonra Eagraithe Riachtanais Speisialta Oideachais (SENOs) maidir le candam tacaíochta Cúntóir Riachtanais Speisialta a leithdháileadh go bliantúil ar gach scoil, agus riachtanais chúraim na leanaí atá rollaithe sa scoil agus atá i dteideal tacaíochta CRS, a chur san áireamh. Nuair atá riachtanais chúraim suntasacha ag leanaí, a chiallaíonn go bhféadfaidh go mbeidh tacaíocht bhreise ag teastáil uathu chun go mbeidh siad in ann freastal ar an scoil, féadfaidh NCSE tacaíocht CRS a leithdháileadh ar an scoil chun cabhair a thabhairt do na leanaí sin. Feidhmíonn an NCSE de réir critéir na Roinne maidir le leithdháileadh tacaíochta den sórt sin. Tá na critéir trína leithdháiltear tacaíocht CRS ar dhaltaí leagtha amach in Imlitir 0030/2014 mo Roinne.

Iarradh ar gach scoil iarratas a chur isteach ar thacaíocht CRS don bhliain scoile 2016/17 faoin 29 Feabhra 2106. Leanann NCSE le glacadh le hiarratais agus fios acu go bhféadfaidh nár críochnaíodh rolluithe nó i gcásanna nuair nár críochnaíodh measúnaithe. Déanfaidh NCSE na hiarratais seo a mheas agus tabharfar leithdháiltí breise do scoileanna i ndáil le hiarratais bhailí a fuarthas roimh Mheán Fómhair. Cuirfidh NCSE a leithdháiltí tacaíochta CRS do 2016/17 in iúl do gach scoil roimh dheireadh na scoilbhliana reatha.

Tá mionsonraí teagmhála a SENO áitiúil ag gach scoil; féadfaidh tuismitheoirí dul i dteagmháil lena SENO go díreach chun riachtanais speisialta oideachais a leanaí a phlé, trí úsáid a bhaint as na mionsonraí teagmhála atá ar fáil ar www.ncse.ie.

Ó tharla go mbaineann cheist an Teachta le leithdháileadh tacaíochta CRS ag an NCSE do scoil aonair, tagraím an cheist don NCSE lena mbreithniú a dhéanamh agus freagra díreach a thabhairt don Teachta.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

149. To ask the Minister for Education and Skills cé na pleananna atá aige lena chinntiú go mbeidh dóthain cúntóirí ranga speisialta le Gaeilge ar fáil le freastal ar an éileamh ar a leithéid ó Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta; an bhfuil sé i gceist aige plean a réiteach mura bhfuil aon phlean ann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11312/16]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil méadú tar éis teacht ar líon na Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRSanna) le blianta beaga anuas ó 10,575 post i 2011, go 12,040 suas go Meitheamh 2016. Sa tréimhse chéanna tá líon na leanaí a fhaigheann rochtain ar thacaíocht CRS tar éis fás ó thimpeall 22,000 go 30,000 faoi dheireadh 2015. Tugadh tacaíocht don mhéadú ar líon CRS trí mhéadú an-suntasach ar an mBuiséad do CRSanna, a d'ardaigh ó €332 milliún i 2011 go €402 milliún faoi dheireadh na bliana 2015. Seo leibhéal tacaíochta CRSanna níos airde ná a bhí ann riamh, rud a chinnteoidh go bhféadfaidh le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a bheith rannpháirteach san oideachas agus go bhfaighidh siad tacaíocht ar bhealach atá oiriúnach dá riachtanais.

Tá an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) freagrach, trína líonra Eagraithe Riachtanais Speisialta Oideachais (SENOs) maidir le candam tacaíochta Cúntóir Riachtanais Speisialta a leithdháileadh go bliantúil ar gach scoil, agus riachtanais chúraim na leanaí atá rollaithe sa scoil agus atá i dteideal tacaíochta CRS, a chur san áireamh. Nuair atá riachtanais chúraim suntasacha ag leanaí, a chiallaíonn go bhféadfaidh go mbeidh tacaíocht bhreise ag teastáil uathu chun go mbeidh siad in ann freastal ar an scoil, féadfaidh NCSE tacaíocht CRS a leithdháileadh ar an scoil chun cabhair a thabhairt do na leanaí sin. Feidhmíonn an NCSE de réir critéir na Roinne maidir le leithdháileadh tacaíochta den sórt sin. Tá na critéir trína leithdháiltear tacaíocht CRS ar dhaltaí leagtha amach in Imlitir 0030/2014 mo Roinne.

Ón uair a dhéantar leithdháileadh ar scoil, is faoin bPríomhoide/ Bord Bainistíochta scoile atá earcaíocht agus imlonnú CRSanna laistigh de scoileanna de réir Imlitir 0035/2016 mo Roinne - Earcaíocht Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRSanna) - Socruithe Sannachán Breise don scoilbhliain 2016/17. Eisíodh an ciorclán seo ar 20 Bealtaine, 2016 tar éis dul i gcomhairle le Comhlachtaí Bainistíochta.

Ní mór inniúlachtaí sonracha agus/nó riachtanais chun freastal ar riachtanais speisialta oideachais an dalta/na ndaltaí a liostáil ar fhógraí faoi fholúntais CRS. Ní mór don scoil CRSanna a imlonnú ar an mbealach is fearr a chomhlíonann ceanglais thacaíocht chúraim na leanaí ar leithdháileadh tacaíocht CRS orthu atá rollaithe sa scoil, agus de réir théarmaí na scéime mar a leagtar amach iad in Imlitir mo Roinne.

Toisc go bhfuil earcú agus imlonnú CRSanna ceisteanna de scoileanna aonair, níl sé ar intinn agam plean a ullmhú ag an am seo mar atá leagtha amach ag an Teachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.