Written answers

Tuesday, 24 May 2016

Department of Education and Skills

Scoileanna Gaeltachta

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

127. To ask the Minister for Education and Skills cén dul chun cinn atá déanta maidir le scoil nua atá beartaithe do Ghaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, ón am a fógraíodh an togra seo ar Chlár Caipitil na Scoileanna; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11167/16]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol gan dabht don Teachta, áiríodh tionscadal tógála don scoil dá dtagraíonn sé sa Chlár Caipitil 6 Bliana de chuid mo Roinne a fógraíodh i mí na Samhna seo caite agus tá an tionscadal sin le dul chun tógála in 2019 - 2021.

Mar is eol, b'fhéidir, don Teachta, chuir an scoil i gceist moladh faoi bhráid go ndéanfaí an foirgneamh buan scoile a sheachadadh níos luaithe ná mar a leagadh amach sa Chlár Caipitil tríd an bhfoirgneamh a sheachadadh in 2 chéim. Ar an moladh sin bheith breithnithe, cinneadh nach sásófaí na riachtanais de réir mar atá siad leagtha amach i gCáipéisí Treorach Teicniúla mo Roinne agus nach soláthrófaí an leibhéal cóiríochta a bheadh riachtanach do scoil 8 rangsheomra. Ina leith seo, cuireadh in iúl don údarás scoile nach bhféadfaí faomhadh a thabhairt don seachadadh céimnithe a bhí molta acu.

Ina dhiaidh sin, cuireadh le chéile an Sceideal Foriomlán Cóiríochta do scoil 8 rangsheomra agus ghlac an t-údarás scoile leis sin le déanaí. Is féidir leis an tionscadal dul ar aghaidh anois chuig an bpróiseas pleanála ailtireachta agus beidh mo Roinnse i dteagmháil leis an scoil arís go gairid maidir leis seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.