Written answers

Thursday, 19 May 2016

Department of Agriculture, Food and the Marine

Scéim um Roghanna Comhshaoil Talmhaíochta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

192. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cad é méid iomlán na híocaíochta a bhí dlite d’fheirmeoir (sonraí tugtha) faoin scéim um roghanna comhshaoil talmhaíochta (AEOS) do 2015; cén méid atá le baint as an íocaíocht sin mar phionóis atá gearrtha air do na blianta 2011, 2012, 2013, 2014 agus 2015; cén méid atá íoctha leis go dáta faoi scéim 2015; cén fuílleach atá le híoc leis fós don bhliain 2015 agus cén uair a íocfar é; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10969/16]

Photo of Michael CreedMichael Creed (Cork North West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chuir an duine a ainmnítear tús lena gconradh faoin Scéim um Roghanna Comhshaol Talmhaíochta (an SRCT) an 1 Samhain 2010. Eisíodh an íocaíocht do bhlianta 2010-2014 na Scéime. Faoi Rialacháin an AE a rialaíonn an Scéim agus scéimeanna eile íocaíochta limistéarbhunaithe, is gá seiceáil chuimsitheach riaracháin a chríochnú, cros-seiceálacha san áireamh leis an gCóras Aitheanta Dáileachtaí Talún.Mar gheall go mbeidh a n-íocaíochtaí deiridh á bhfáil ag gach rannpháirtí san SRCT faoin scéim, críochnaíodh na hathsheiceálacha ar íocaíochtaí a rinneadh do gach bliain scéime sular próiseáladh an íocaíocht deiridh. D’aimsigh an tseiceáil seo neamhréireachtaí idir an méid a íocadh le haghaidh Cothabháil Balla Cloiche Traidisiúnta (CBCT) agus an méid atá le híoc, agus laghdaíodh an méid atá dlite don bhliain 2015, gearradh pionós, agus aisghabhadh na méideanna a íocadh do bhlianta 2010-2014 na scéime dá bharr. Chomh maith leis sin, gearradh pionós Traschomhlíonta 5%.

An méid atá Dlite don bhliain 2015 €2325.78

Asbhaintí iomlána €917.71

An íocaíocht atá dlite i ndiaidh na n-asbhaintí €1408.07

Eisíodh an íocaíocht deiridh a bhaineann le bliain 2015 na Scéime lúide na hasbhaintí a shonraítear thuas in dhá chuid. Íocadh 85%, arb ionann í agus suim €1059.21 an 29 Aibreán 2016 agus íocadh an fuílleach 15%, arb ionann í agus suim €348.86 an 3 Bealtaine 2016.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.