Written answers

Thursday, 19 May 2016

Department of Education and Skills

Foirne Scoile

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

65. To ask the Minister for Education and Skills cén uair a íocfar riaráistí pá le múinteoir (sonraí tugtha) ar coinníodh pá uaidh mar nach raibh uimhir aige ón gComhairle Mhúinteoireachta ag an am; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10965/16]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní raibh an duine dá dtagraíonn an Teachta cláraithe ar feadh na tréimhse 1ú go dtí 15ú Meán Fómhair 2015. Is é an chaoi a bhfuil an scéal, de réir mar atá sé leagtha amach in Alt 6 de Chiorclán 52/2013 arna eisiúint ag mo Roinnse, i gcás duine neamhchláraithe atá fostaithe mar mhúinteoir i scoil aitheanta agus atá incháilithe lena c(h)lárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta, ná nach féidir an duine sin a íoc ó chistí an Oireachtais as an tréimhse ama a raibh sé nó sí neamhchláraithe ar a feadh.

Dá réir sin, ní féidir an duine dá dtagraíonn an Teachta a íoc as an tréimhse ama 1ú go dtí 15ú Meán Fómhair 2015

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.