Written answers

Tuesday, 17 May 2016

Department of Education and Skills

Scéim na nOibreacha Samhraidh

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

307. To ask the Minister for Education and Skills cén uair a cheadófar an chuid eile de na tograí faoin scéim na noibreacha samhraidh do 2016; cén líon tograí atá fógartha go dáta; cén líon atá fós le fógairt; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10235/16]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go gcuirfear Scéim na nOibreacha Samhraidh i bhfeidhm ar bhonn ilbhliantúil i gcomhair na mblianta 2016 agus 2017. Mar is eol don Teachta, b'fhéidir, fógraíodh sonraí faoi na hiarratasóirí ar éirigh leo faoi Scéim na nOibreacha Samhraidh (2016-2017)ar 28ú Aibreán seo caite, agus tá na sonraí sin foilsithe ar shuíomh idirlín mo Roinne, www.education.ie.

Tá €30 milliún den €80 milliún a fógraíodh i gcomhair na Scéime ilbhliantúla (2016-2017) á leithdháileadh anois ar oibreacha ríthábhachtacha gáis agus ar uasghráduithe leictreacha i scoileanna. Áiríodh 197 bunscoil agus iar-bhunscoil sa chéad bhabhta d'iarratais ar éirigh leo.

Faoi Scéim na nOibreacha Samhraidh 2016 agus 2017, i gcás iarratas bailí ó scoileanna nár baineadh amach, de bharr cúiseanna maoinithe, leis an maoiniú a cuireadh ar fáil in 2016, cáileoidh siad chun a measúnaithe chun críche maoinithe a bheidh ar fáil in 2017, faoi réir ag infhaighteacht fhoriomlán an mhaoinithe. Má tharlaíonn sé seo, beidh feidhm i gcónaí ag téarmaí agus coinníollacha na scéime de réir mar atá siad leagtha amach in Imlitir 0055/2015, a bhfuil fáil uirthi ar shuíomh idirlín mo Roinne, nuair a bheas maoiniú á leithdháileadh ar thionscadail dá leithéid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.