Written answers

Tuesday, 17 May 2016

Department of Environment, Community and Local Government

Seirbhísí Uisce

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

400. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government an bhfuil sé i gceist aige cúnamh breise a chur ar fáil do ghrúpscéimeanna uisce agus do dhaoine a bhfuil toibreacha acu, chomh maith le daoine a bhfuil a gcóras coireála uisce féin acu, mar shampla, dabhcha séarachais, nuair a chuirfear na táillí uisce do dhaoine atá ag fáil a gcuid uisce agus seirbhísí séarachais ó Uisce Éireann ar ceal; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10248/16]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá gealltanas tugtha ag an Rialtas reachtaíocht a thabhairt isteach lastigh de sé seachtaine chun muirir uisce tí a chur ar fionraí ar feadh tréimhse naoi mhí ó deireadh na sraithe bhille reatha. Beidh sonraí an fionraí leagtha amach sa reachtaíocht ag am foilsithe. Ag an am chéanna, chun cothromas cóireála a chinntiú,beidh an fóirdheontas a bhí ar fáil do ghrúpscéimeanna Uisce curtha ar ais. Deanfar athbhreithniú ar leibhéal an deontas nuair atá cinneadh déanta ag an tOireachtas ar samhail maoinithe buaine d’Uisce Éireann.

Níl teaghlaigh a chuireann ar fáil a gcuid seirbhisí uisce féin, trí toibreacha aonair nó córais chóireála fuíolluisce tí, lena n-áirítear umair sheipteacha, áirithe mar chustaiméirí d’Uisce Éireann, agus níl táillí dlite orthu. Tá sé ar intinn ag an Rialtas athbhreithniú a dheanamh ar na leibhéil deontais atá ar fáil do lucht grúpscéimeanna nua agus d'athchóiriú toibreacha príobháideacha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.