Written answers
Wednesday, 4 May 2016
Department of Education and Skills
Oideachas Gaeilge
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
234. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sí toilteanach bualadh le coiste scoile (sonraí ar fáil) chun a n-iarratas ar Aonad a bhunú a phlé; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8813/16]
Jan O'Sullivan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá togra breithnithe ag mo Roinnse a rinne an Bord Oideachais agus Oiliúna sa cheantar dá dtagraíonn an Teachta chun oideachas trí Ghaeilge a sholáthar ag an dara leibhéal trí Aonad a chur ar bun i scoil atá ann cheana. Tá molta ag an Roinn gur gá don mBord céanna athmhachnamh a dhéanamh ar an togra chun déileáil le roinnt nithe a bheadh ábhartha chun éascú le hoideachas a sholáthar trí mheán na Gaeilge i mbealach níos sásúla agus níos inmharthana i gceantar freagrachta an Bhoird.
Tá oifigigh de chuid mo Roinnse tar éis teagmháil a dhéanamh ar an teileafón le déanaí le hionadaithe ó ghrúpa bunaithe na scoile agus tá molta acu dóibh gurb é an beart is cuí sa chás seo ná dul i gcomhairle leis an mBord arís maidir le hathmhachnamh ar an togra ar bhonn an mholta agus an tsoiléirithe atá faighte cheana ón Roinn. Tuigim go bhfuil cruinniú á shocrú leis an mBord. Beidh mo Roinnse sásta togra a mheá nuair a chuirfear faoi bhráid é.
No comments