Written answers

Tuesday, 26 April 2016

Department of Social Protection

Scéimeanna Fostaíochta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

17. To ask the Minister for Social Protection cad iad na socruithe atá déanta lena chinntiú go bhfuil sé ar chumas an chomhlachta “Seetec”, a bhfuil conradh aige chun seirbhísí a chur ar fáil don Roinn, a sheirbhísí a sholáthar don phobal i nGaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8123/16]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

18. To ask the Minister for Social Protection Coimirce Sóisialaí cén fáth nach bhfuil “Seetec“, atá ag cur seirbhísí ar fáil don Roinn ar chonradh, ag tabhairt rochtain do dhaoine a bhíonn ag baint úsáid as a sheirbhísí ar shuímh eagraíochtaí Gaeilge ar nós Taibhdhearc na Gaillimhe, Ros na Rún, agus iad ag cuartú fostaíochta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8124/16]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

19. To ask the Minister for Social Protection cén fath nach nglacann “Seetec”, a bhfuil conradh aige lena Roinn, le haisteoireacht, ealaín agus obair eile trí mheán na Gaeilge mar fhoinse d’obair atá inmharthana buan; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8125/16]

Photo of Joan BurtonJoan Burton (Dublin West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé beartaithe Ceisteanna Uimh. 17 go 19, iniatach, a thógáil le chéile.

Tá Seetec ar chonradh leis an Roinn Coimirce Sóisialaí chun seirbhísí faoi thionscnamh JobPath a sholáthar. Is éard atá i JobPath ná cur chuige nua i leith ghníomhachtúchán na fostaíochta chun tacú le daoine atá dífhostaithe go fadtréimhseach agus chun tacú leo siúd is mó atá i mbaol na dífhostaíochta fadtréimhsí ó thaobh fostaíocht nó féinfhostaíocht lánaimseartha ar phá a bhaint amach.

Is coinníoll é de chuid an chonartha le Seetec go gcuirtear seirbhísí ar fáil de réir fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Tá sé dearbhaithe ag Seetec don Roinn go gcuireann siad seirbhísí ar fáil i nGaeilge do chliaint faoi láthair cibé uair a cheanglaítear orthu é sin a dhéanamh. Níl aon srian curtha ag Seetec le láithreáin ghréasáin Ghaeilge a bhféadfaidh cliaint ar lorg fostaíochta rochtain a fháil orthu. Is féidir rochtain a fháil ar láithreáin ghréasáin amhail láithreáin “Ros Na Rún” agus “Taibhdhearc na Gaillimhe” trí chóras ríomhaireachta Seetec. Ní chuirtear srian le rannpháirtithe JobPath ó thaobh teacht ar fhostaíocht san aisteoireacht, san ealaín ná aon fhostaíocht eile a dtugtar fúithi trí mheán na Gaeilge.

Seetec has been contracted by the Department of Social Protection to deliver services under the JobPath initiative. JobPath is a new approach to employment activation to support long-term unemployed people and those most at risk of becoming long-term unemployed to secure full-time paid employment or self-employment.

It is a condition of the contract with Seetec that services are provided in accordance with the provisions of the Official Languages Act, 2003. The Department has been assured by Seetec that they currently provide services in Irish to clients whenever they are required to do so. Seetec has not placed any restrictions on Irish language websites that may be accessed by clients seeking employment. Websites such as those of “Ros Na Rún” and “Taibhdhearc na Gaillimhe” are accessible via Seetec’s computer system. JobPath participants are not restricted from sourcing employment in acting, art or any other form of employment that is undertaken through the medium of Irish.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.