Written answers
Tuesday, 26 April 2016
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Acht na dTeangacha Oifigiúla
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
496. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé na pleananna atá aici maidir le reachtaíocht a chur faoi bhráid an Oireachtais lena chinntiú go mbeidh deis ag daoine a n-ainmneacha, sloinnte agus seoltaí a úsáid go hiomlán i nGaeilge agus iad ag plé leis an Stát agus lena chinntiú nach mbeidh sé dleathach, ar fhoirmeacha leictreonacha Stáit, na téarmaí Béarla “Mr., Mrs. agus Ms” a dhéanamh éigeantach roimh ainm; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8119/16]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
497. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici reachtaíocht a thabhairt isteach lena chinntiú go dtagann gach comhlacht poiblí faoi réim Acht na dTeangacha Oifigiúla, Uisce Éireann san áireamh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8120/16]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhreacha 496 agus 497 le chéile.
Dréachtaíodh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2015 mar thoradh ar an athbhreithniú a rinneadh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá foráil sa Bhille atá dréachtaithe maidir le taifeadadh agus úsáid leaganacha Gaeilge d’ainmneacha agus de sheoltaí daoine ag comhlachtaí poiblí. Tá foráil sa Bhille freisin d’uasdátú comhlachtaí poiblí atá le háireamh chun críche Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Beidh cinneadh maidir le foilsiú agus achtú an Bhille seo le tógáil ag an Rialtas nua in am trátha.
No comments