Written answers

Wednesday, 20 April 2016

Department of Justice and Equality

Cumas Gaeilge sa Gharda Síochána

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

235. To ask the Minister for Justice and Equality cad é an líon comhaltaí nua a bhfuil Gaeilge acu agus a tugadh isteach i ngach babhta earcaíochta go dáta sa Gharda Síochána faoin socrú go mbeadh sruth ar leith earcaíochta ann do dhaoine le líofacht i nGaeilge agus a bheadh le cur ar dualgas i stáisiúin Ghaeltachta; cad é an líon comhaltaí acusan atá curtha ar dualgas faoin tráth seo sa Ghaeltacht agus cé na stáisiúin ina bhfuil siad lonnaithe; céard iad na céimeanna atá á nglacadh le gach duine de na hearcaigh sin a chur ar dualgas sa Ghaeltacht; cén uair a bheidh sé sin curtha i gcrích; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [7558/16]

Photo of Frances FitzgeraldFrances Fitzgerald (Dublin Mid West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigfidh an Teachta gur ábhar do Choimisinéir an Gharda Síochána é pearsanra an Gharda Síochána, lena n-áirítear Gardaí nua-fhianaithe, a leithroinnt go ceantair ar leith, agus nach bhfuil aon ról díreach agamsa, mar Aire, sa scéal. Tá dearbhaithe dom go gcoinníonn lucht bainistíochta an Gharda Síochána an dáileadh acmhainní seo faoi shíor-athbhreithniú, i gcomhthéacs treochtaí coireachta agus tosaíochtaí póilínithe, chun a chinntiú go mbaintear an leas is fearr is féidir as na hacmhainní sin.

Tá an Garda Síochána lántiomnaithe dá dhualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh. I dtaca leis sin de, is féidir le hiarrthóirí ar phost Garda faoi oiliúint, ar cainteoirí líofa Gaeilge iad agus a chomhlíonann na critéir incháilitheachta eile go léir freisin, iarratas a dhéanamh go ndéanfaí measúnú orthu faoi shainsruth Gaeilge. Is féidir iarrthóirí ón sruth sin a n-éiríonn leo a leithroinnt go ceantair Ghaeltachta ar feadh tréimhse ama arna cinneadh ag Coimisinéir an Gharda Síochána.

I dtaca leis an bhfaisnéis shonrach faoin líon daoine a earcaíodh faoin sainsruth Gaeilge agus na háiteanna ina bhfuil siad imscartha, táim tar éis an fhaisnéis sin a lorg ón gCoimisinéir agus scríobhfaidh mé go díreach chuig an Teachta nuair a gheobhaidh mé í.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.