Written answers

Wednesday, 20 April 2016

Department of Education and Skills

Oideachas Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

431. To ask the Minister for Education and Skills an eol di go bhfuil folúntas d’ollamh le Gaeilge i roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ó 2014; an cúis imní í di go bhfuil an folúntas seo ann le nach mór dhá bhliain anuas agus gan é fógartha go fóill go bhfuiltear chun an folúntas a líonadh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [7559/16]

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is faoi gach aon Institiúid Ardoideachais, OÉ Gaillimh san áireamh, atá sé a cúrsaí oibriúcháin féin a bhainistiú ó lá go lá mar chomhlacht reachtúil féinrialaitheach, acmhainní foirne agus folúntais a thagann chun cinn san Ollscoil ina measc sin.

Ó tugadh isteach an moratóir ar earcú don earnáil phoiblí, tá Creat Rialála Fostaíochta (ECF)ar bun i gcomhair earnáil an ardoideachais, lena dtugtar solúbthacht shuntasach d'institiúidí maidir le folúntais a líonadh, trí earcú nó trí ardú céime, faoi réir ag síleáil fhoriomlán post.

I gCáinaisnéis 2015, d'fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go gcuirfí deireadh leis na Creata Rialála Fostaíochta a bhí ann cheana, mar aon leis na moratóirí a bhí ag gabháil leo, agus go gcuirfí ina n-áit córas ceadaithe tharmligthe i gcomhair earcaithe agus ardaithe céime suas go dtí leibhéal Príomhoifigigh, ar an gcoinníoll go gcloífeadh Ranna le síleálacha pá ceangailteacha 3 bliana agus go gcomhlíonfaí na riachtanais Pleanála Fhórsa Oibre. I bhfianaise an fhógra seo, tá mo chuid oifigeach ag obair chun críche Creat nua a bheith ar bun acu d'earnáil an ardoideachais don bhliain acadúil 2016/2017.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.