Written answers
Wednesday, 6 April 2016
Department of Defence
Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
332. To ask the Minister for Defence cad é an líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéad duine acu siúd atá ag feidhmiú i bpoist atá daingnithe i scéim teanga nó ar aon bhealach eile mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé i gceist aon phoist eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5820/16]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
333. To ask the Minister for Defence an bhfuil sé mar dhualgas oifigiúil ar bhaill foirne aonair ar leith de chuid a Roinne seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge d’aon duine a lorgaíonn í nó an ar bhonn deonach amháin a thoilleann baill foirne a Roinne seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5836/16]
Simon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhireacha 332 agus 333 le chéile.
An 31 Márta, 2016 bhí 356 ball foirne ag obair i mo Roinn. Níl aon phost sa Roinn Cosanta ina dteastaíonn Gaeilge agus níl sé beartaithe aon phost a aithint sa Roinn mar phost a mbeadh Gaeilge ag teastáil lena aghaidh. Ní bhíonn ach plé teoranta ag an Roinn leis an bpobal agus mar sin is beag éileamh a bhíonn ar sheirbhísí i nGaeilge. Mar a fhoráiltear i Scéim Teanga reatha agus scéimeanna roimhe seo, baineann an Roinn leas as foireann daoine a cuireadh le chéile ar bhonn deonach chun cabhrú le Brainsí na Roinne seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge agus plé le custaiméirí, más gá.
Tá seisear sa ghrúpa faoi láthair a thairg cúnamh le seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge agus is leor sin chun freastal ar na riachtanais a thagann chun cinn. Déantar athbhreithniú leanúnach ar an bhfoireann oibrithe deonacha.
No comments