Written answers
Wednesday, 6 April 2016
Department of Agriculture, Food and the Marine
Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
305. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cad é an líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéad duine acu siúd atá ag feidhmiú i bpoist atá daingnithe i scéim teanga nó ar aon bhealach eile mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé i gceist aon phoist eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5816/16]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
306. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine an bhfuil sé mar dhualgas oifigiúil ar bhaill foirne aonair ar leith de chuid a Roinne seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge d’aon duine a lorgaíonn í nó an ar bhonn deonach amháin a thoilleann baill foirne a Roinne seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5832/16]
Simon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhireacha 305 agus 306 le chéile.
Tá 3,136 comhalta foirne (coibhéis foirne lánaimseartha 2,981) fostaithe faoi láthair i mo Roinn agus sainaithníodh sé phost ina bhfuil inniúlacht Ghaeilge ina riachtanas buntábhachtach. Tá cúig cinn de na poist siúd ag oifigigh faoi láthair a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu agus déanfar gach iarracht an post eile a líonadh laistigh den amfhráma is giorra agus is féidir, agus aird ar bheartas earcaíochta. Sainaithníodh na poist shainithe seo d’fhonn feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí i nGaeilge d’aon duine a lorgaíonn seirbhísí trí Ghaeilge.
No comments