Written answers

Wednesday, 6 April 2016

Department of Jobs, Enterprise and Innovation

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

230. To ask the Minister for Jobs, Enterprise and Innovation cad é an líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéad duine acu siúd atá ag feidhmiú i bpoist atá daingnithe (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé i gceist aon phoist eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5826/16]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá 809.5 post foirne coibhéise lánaimseartha ann i mo Roinn faoi láthair.

Níor shainaithin mo Roinn, trína próiseas pleanála fórsa saothair, aon phoist dá bhfuil inniúlacht i nGaeilge ina réamhriachtanas. I suirbhé ar an bhfoireann a rinneadh sa bhliain 2012 chun leibhéal an éilimh ar sheirbhísí trí Ghaeilge a ndéileálann an Roinn leis a fháil amach, deimhníodh gurbh an-íseal a bhí an líon cumarsáidí a fuarthas i nGaeilge le blianta beaga anuas, bíodh siad i scríbhinn, ar an nguthán nó ar bhonn duine le duine, agus níl aon athrú tagtha ar an gcás sin sna blianta ina dhiaidh sin.

Tá Scéim Teanga i bhfeidhm ag mo Roinn. Ullmhaíodh í de réir alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Leis an Scéim sin, déantar forbairt ar phrionsabail Seirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí agus ar an ngealltanas a tugadh i gCairt Chustaiméirí na Roinne maidir lena chinntiú go mbeidh custaiméirí ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge in ann déanamh amhlaidh. Tá mo Roinn tiomanta do leibhéal an éilimh ar sheirbhísí trí Ghaeilge a mheasúnú ar bhonn leanúnach chun a chinntiú go leanann an Roinn ar aghaidh ag freastal ar an éileamh sin ar bhealach pleanáilte, comhtháite agus inrochtana. Go háirithe, áirítear léi gealltanas go sainaithneofar, faoi dheireadh na chéad bhliana den scéim, aon phoist dá bhfuil inniúlacht i nGaeilge ina riachtanas buntábhachtach agus go ndéanfar gach iarracht na riachtanais sin a chomhlíonadh faoi dheireadh na scéime, agus aird á tabhairt ar bheartais earcaíochta, ardaithe céime agus oiliúna, de réir mar is cuí.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

231. To ask the Minister for Jobs, Enterprise and Innovation an bhfuil sé mar dhualgas oifigiúil ar bhaill foirne aonair ar leith de chuid a Roinne seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge d’aon duine a lorgaíonn í nó an ar bhonn deonach amháin a thoilleann baill foirne a Roinne seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5842/16]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I suirbhé ar an bhfoireann a rinneadh sa bhliain 2012 chun leibhéal an éilimh ar sheirbhísí trí Ghaeilge a ndéileálann an Roinn leis a fháil amach, deimhníodh gurbh an-íseal a bhí an líon cumarsáidí a fuarthas i nGaeilge le blianta beaga anuas, bíodh siad i scríbhinn, ar an nguthán nó ar bhonn duine le duine. Ós rud é nach bhfuil aon athrú tagtha ar an gcás sin sna blianta ina dhiaidh sin, níor shainaithin mo Roinn, trína próiseas pleanála fórsa saothair, aon phoist dá bhfuil inniúlacht i nGaeilge ina réamhriachtanas.

Tá mo Roinn tiomanta do chumarsáid a dhéanamh le cliaint ar mian leo a ngnó leis an Roinn a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá socruithe i bhfeidhm trínar thoiligh 13 bhall foirne le páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna cuí chun a scileanna Gaeilge a fheabhsú. Táthar ag cur na hoiliúna sin ar fáil le go mbeidh cohórt ball foirne ar fáil againn a fhéadann cabhrú le haonaid ghnó freagra a thabhairt do chliaint ar mian leo cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge.

I Scéim Teanga mo Roinne lena gclúdaítear an tréimhse 2015-2018, leagtar amach an méid atá seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair agus tugtar breac-chuntas ar thiomantas na Roinne do leibhéal an éilimh ar sheirbhísí trí Ghaeilge a mheasúnú ar bhonn leanúnach chun a chinntiú go leanann an Roinn ar aghaidh ag freastal ar an éileamh sin ar bhealach pleanáilte, comhtháite agus inrochtana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.