Written answers

Wednesday, 6 April 2016

Department of Public Expenditure and Reform

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

206. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform cad é an líon iomlán daoine nua a ceapadh i bpoist sa státseirbhís le linn na bliana 2015; cén líon de na fostaithe nua seo a cuireadh chuig gach Roinn ar leith; cén líon de na státseirbhísigh nua seo a ceapadh chuig poist a bhí daingnithe mar phoist a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leo i ngach Roinn ar leith; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5814/16]

Photo of Brendan HowlinBrendan Howlin (Wexford, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is í an Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) an ghníomhaireacht earcaíochta láraithe don státseirbhís.

Clúdaíonn an eolas a leanas na feachtais agus iarratais folúntas ina raibh baint ag PAS.

Is é líon iomlán na sannachán atá déanta ag PAS don státseirbhís ná 4,144 i 2015. Is féidir nár ghlac gach ceann de na h-iarrthóirí le post agus is féidir gur státseirbhísigh iad roinnt díobh ar éirigh leo i gcomórtas do ghrád níos airde.

Níl eolas ar líon na sannachán do Ranna ar fáil taobh istigh den am atá ar fáil, ach nuair atá sé ar fáil seolfaidh mé don Teachta é.

Phróiseáil PAS iarrthóirí do ghrádanna státseirbhíse ginearálta Príomhoifigeach, Príomhoifigeach Cúnta, Oifigeach Feidhmiúcháin agus Oifigeach Cléireachais i 2015.

Is é seo a leanas achoimre de stádas reatha na painéal a chruthaíodh ó na comórtais OC agus OF d'iarrthóirí dátheangacha feidhmiúla:

Feachtas OF

Cruthaíodh painéal iarrthóirí dátheangach feidhmiúil mar chuid den comórtas OF. Go dtí seo, tá 22 iarrthóir cáilithe agus cuireadh ar phainéil iad. Sannadh 14 den painéal i 2016 agus sannfar na h-iarrthóirí eile den painéal go luath.

Feachtas OC 2014

Cruthaíodh painéal iarrthóirí dátheangach feidhmiúil mar chuid den comórtas OC. Go dtí seo, tá 30 (as líon tosaigh 745) cáilithe agus thairgeadh folúntais dóibh ar fad. Den 22 a ghlac le post, sannadh iad mar a leanas:

- Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim 13

- An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 3

- An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha 3

- An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta 2

- Coimisiún na Scrúduithe Stáit 1

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

207. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform cad é an líon daoine atá ar gach painéal earcaíochta (mar shampla d’oifigigh chléireachais, oifigigh feidhmiúcháin, etc.) de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí do dhaoine atá áirithe mar dhaoine atá in ann feidhmiú trí Ghaeilge chomh maith le trí Bhéarla; cé mhéad duine as na painéil sin a ceapadh i bpoist a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leo ó thús 2015 go dáta; cén uair a bheidh fostaíocht sa státseirbhís i bpoist le riachtanas Gaeilge faighte ag gach duine atá ar na painéil sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5815/16]

Photo of Brendan HowlinBrendan Howlin (Wexford, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is í an Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) an ghníomhaireacht earcaíochta láraithe don státseirbhís.

Clúdaíonn an eolas a leanas na feachtais agus iarratais folúntas a d'eagraigh PAS, eagraithe de réir an ghráid.

Feachtas Príomhoifigigh

Léirigh 11 iarrthóir den painéal reatha PO  spéis i bhfolúntas ina bhfuil gá le scileanna Gaeilge. Nuair a gheofar iarratas do dhuine dátheangach feidhmiúil ag an leibhéal seo, déanfar scrúdú ar chumas na h-iarrthóirí sin sa Ghaeilge. Sannfar ansin iad má chomhlíonann siad an caighdeán riachtanach.

Feachtas Príomhoifigigh Cúnta

D'iarradh ar iarrthóirí ar mhaith leo go gcuireadh san áireamh iad d'fholúntas ina raibh gá le scileanna Gaeilge. Nuair a gheofar iarratas do dhuine dátheangach feidhmiúil ag an leibhéal seo, déanfar scrúdú ar chumas na h-iarrthóirí sin sa Ghaeilge. Sannfar ansin iad má chomhlíonann siad an caighdeán riachtanach. Fuarthas iarratas amháin d'iarrthóir le Gaeilge. Nuair a thairgeadh an post, áfach, ní raibh spéis ag aon iarrthóir ann.

Feachtas Oifigigh Riaracháin

D'iarradh ar iarrthóirí ar mhaith leo go gcuireadh san áireamh iad d'fholúntas ina raibh gá le scileanna Gaeilge. Nuair a gheofar iarratas do dhuine dátheangach feidhmiúil ag an leibhéal seo, déanfar scrúdú ar chumas na h-iarrthóirí sin sa Ghaeilge. Sannfar ansin iad má chomhlíonann siad an caighdeán riachtanach.

Feachtas Oifigigh Feidhmiúcháín

Cruthaíodh painéal d'iarrthóirí dátheangach feidhmiúil mar chuid den comórtas oifigigh feidhmiúcháin. Go dtí seo, tá 22 iarrthóir cáilithe agus cuireadh ar phainéal iad. Sannadh 14 díobh i 2016 agus sannfar na h-iarrthóirí eile den painéal go luath.

Feachtas Oifigigh Cléireachais 2014

Cruthaíodh painéal d'iarrthóirí dátheangach feidhmiúil mar chuid den comórtas OC. Go dtí seo, tá 30 (as líon tosaigh 745) cáilithe agus thairgeadh folúntais dóibh ar fad. As an 22 a ghlac le post, sannadh mar a leanas iad:

- Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim 13

- An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 3

- An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha 3

- An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta 2

- Coimisiún na Scrúduithe Stáit 1

Sannadh an líon iarrthóirí a leanas go postanna ina bhfuil gá le Gaeilge ó thús 2015 go dtí seo:

Sannadh 36 go Ranna mar a leanas;

- 14 Oifigeach Feidhmiúcháin

- 22 Oifigeach Cléireachais

Ní féidir le h-iarrthóirí a bheith sannta go post ina bhfuil gá le dátheangachas feidhmiúil ach amháin nuair a faightear iarratas ó Roinn.

Fanfar na painéil in áit go dtí:

- OC tá sé ar intinn go bhfógrófar feachtas nua sa dara ráithe de 2016. Rachaidh an painéal reatha as feidhm nuair atá painéal ón feachtas nua in áit. Táthar ag súil go mbeidh an painéal nua in áit roimh dheireadh an tríú ráithe de 2016.

- OF rachaidh an painéal idir-rannach as feidhm in Aibreán 2017.

- POC rachaidh an painéal idir-rannach as feidhm in Aibreán 2017.

- PO rachaidh an painéal as feidhm ag deireadh 2016/tús 2017.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

208. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform cad é an líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéad duine acu siúd atá ag feidhmiú i bpoist atá daingnithe (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé i gceist aon phoist eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5828/16]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

209. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform an bhfuil sé mar dhualgas oifigiúil ar bhaill foirne aonair ar leith de chuid a Roinne seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge d’aon duine a lorgaíonn í nó an ar bhonn deonach amháin a thoilleann baill foirne a Roinne seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5844/16]

Photo of Brendan HowlinBrendan Howlin (Wexford, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhireacha 208 agus 209 le chéile.

Mar fhreagra ar cheist an Theachta, is féidir liom a dhearbhú go bhfuil de chumas ag ochtar ball foirne obair na Roinne a  dhéanamh trí Ghaeilge, is ionann sin agus thart ar 1% den líon foirne.  B'fheidir go bhfuil cuma íseal ar an bhfigiúr seo, ach is cinnte gur leor é chun freastal a dhéanamh ar riachtanais na heagraíochta.  Mar gheall ar an ról ata aici, ni bhíonn mórán plé ag mo Roinn leis an ngnáth-phobal, cur i gcás i gcomhthéacs scéimeanna nó seirbhísí dírithe ar dhaoine aonair a sholáthar.  Mar sin féin, déanann mo Roinn monatóireacht ar an éileamh atá ar a chuid seirbhísí trí mhéan na Gaeilge chun a chinntiú go gcomhlíontar é.  Níl aitheantas tugtha do aon phoist nó réimsí oibre faoi mo chúram go mbeadh gá acu le oifigigh atá inniúil sa dá theanga.   

Leanfar le socruithe lena chinntiú sa chás nach bhfuil comhalta foirne le líofacht Ghaeilge ar fáil i Rannáin, nó sa chás nach bhfuil duine den sórt sin ar fáil, go soláthróidh comhalta foirne ainmnithe ó Rannán eile an tseirbhís trí Ghaeilge nuair is gá.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.