Written answers

Wednesday, 6 April 2016

Department of Transport, Tourism and Sport

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

823. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport cad é an líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéad duine acu siúd atá ag feidhmiú i bpoist atá daingnithe (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé i gceist aon phoist eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5831/16]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

824. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport an bhfuil sé mar dhualgas oifigiúil ar bhaill foirne aonair ar leith de chuid a Roinne seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge d’aon duine a lorgaíonn í nó an ar bhonn deonach amháin a thoilleann baill foirne a Roinne seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5847/16]

Photo of Paschal DonohoePaschal Donohoe (Dublin Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhreacha 823 agus 824 le chéile.

Tá foireann 454 i mo Roinn faoi láthair. Tá Oifigeach Gaeilge amháin, ach níl aon phost eile a mheastar is gá Gaeilge chun an ról a urscaoileadh.  Tá roinnt ball foirne líofa i scríobh agus labhairt na Gaeilge sa Roinn a chuireann seirbhís trí Ghaeilge ar bhonn deonach amháin.  Freagrófar as Gaeilge aon iarraidh nó cumarsáid a fhaightear i nGaeilge. Coimeádfaidh an Roinn an t-ábhar faoi hathbhreithniú lena chinntiú gur féidir léi leanúint ar aghaidh a cuid seirbhísí a sholáthar i nGaeilge nuair is gá é sin a dhéanamh.

There are currently 454 staff in my Department.  There is one Irish Language Officer, but there are no other posts for which the Irish language is deemed necessary to discharge the duties of those posts.  There are some staff in the Department who have written and oral fluency in the Irish language who provide a service through Irish on a voluntary basis alone.  Any request or communication received in Irish will be answered in Irish.  The Department will keep the matter under review to ensure that the Department is able to continue to provide its services through Irish when necessary."

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.