Written answers
Wednesday, 6 April 2016
Department of Communications, Energy and Natural Resources
Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
790. To ask the Minister for Communications, Energy and Natural Resources cad é an líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéad duine acu siúd atá ag feidhmiú i bpoist atá daingnithe i scéim teanga nó ar aon bhealach eile mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé i gceist aon phoist eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5819/16]
Alex White (Dublin South, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Seasann líon reatha na mball foirne i mo Roinn-se ar comhionann le 254 duine fostaithe go lán-aimseartha. Níl cumas Gaeilge inmhianaithe go sonrach in aon cheann de na bpoist seo. Mar sin féin, aithníonn mo Roinn an tábhacht a bhaineann le scileanna Gaeilge a bheith ar fáil don Roinn agus ceapadh beirt ball foirne le déanaí toisc Gaeilge a bheith ar a gcumas acu.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
791. To ask the Minister for Communications, Energy and Natural Resources Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha an bhfuil sé mar dhualgas oifigiúil ar bhaill foirne aonair ar leith de chuid a Roinne seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge d’aon duine a lorgaíonn í nó an ar bhonn deonach amháin a thoilleann baill foirne a Roinne seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5835/16]
Alex White (Dublin South, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an Roinn tiomanta chun seirbhís i nGaeilge a sholáthar do chustaiméirí aon am a iarrtar í. Táthar tar éis cur lena hinniúlacht an tseirbhís seo a sholáthar le déanaí agus beirt bhall foirne le cumas Gaeilge acu earcaithe ag an Roinn. Tá sé mar ceann de na dualgais oifigiúla ag na baill foirne seo seirbhís i nGaeilge a soláthar d’aon duine a iarrann í.
No comments