Written answers

Wednesday, 6 April 2016

Department of Environment, Community and Local Government

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

762. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government cad é an líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéad duine acu siúd atá ag feidhmiú i bpoist atá daingnithe, i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile, mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé i gceist aon phoist eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5822/16]

Photo of Alan KellyAlan Kelly (Tipperary, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá 719 fostaithe i mo Roinn ar bhonn coibhéiseach lánaimseartha, agus níl éinne acu i bpost atá ainmnithe le riachtanas Gaeilge. Mar chuid dá Phleanáil d’Fhórsa Saothair, rinne mo Roinn imscrúdú ar líon na bpost ina bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ag teastáil. Fuarthas nach bhfuil poist den chineál sin sa Roinn, ag an am seo, agus dá bhrí sin níl aon phoist faoi leith ainmnithe le riachtanas dátheangach. Tá é seo tugtha le fios don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Mar chuid de phleanáil leanúnach d’fhórsa saothair, déantar monatóireacht agus athbhreithniú ar an gcás ar bhonn rialta.

Tá thart ar 26 ball foirne faoi láthair i mo Roinn atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus is féidir na baill seo a dhíriú chuig réimsí oibre faoi leith ina bhfuil gá le Gaeilge agus/nó Béarla nuair is gá. Leanfaidh mo Roinn ag soláthar deiseanna do bhaill foirne a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú trí oiliúint teanga ag leibhéil éagsúla a chur ar fáil.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

763. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government an bhfuil sé mar dhualgas oifigiúil ar bhaill foirne aonair ar leith de chuid a Roinne seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge d’aon duine a lorgaíonn í nó an ar bhonn deonach amháin a thoilleann baill foirne a Roinne seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5838/16]

Photo of Alan KellyAlan Kelly (Tipperary, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mo Roinn tiomanta seirbhísí den scoth a sholáthar dá custaiméirí i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge. Cuireadh an triú Scéim Ghaeilge de chuid na Roinne, arna ullmhú de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, i bhfeidhm ar 16 Meán Fómhair, 2013.

Réitíonn an scéim le prionsabail na Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí agus déanann sé deimhin de go n-éascófar le daoine ar mian leo a ngnó a dhéanamh i nGaeilge leis an Roinn.

Cinntíonn an Roinn go bhfuil foireann atá inniúil ar an nGaeilge ar fáil d'fhonn a bheith in ann seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge chomh maith le seirbhís a sholáthar i mBéarla.

Má tá seirbhís trí Ghaeilge á iarraidh ag custaiméir agus nach bhfuil oifigeach áirithe in ann seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge, cuirfear an custaméir i dteagmháil le h-oifigeach atá inniúil ar an nGaeilge chun teacht i gcabhair ar an gcustaiméir sin.

Cuireann an scéim leis an dul chun cinn atá bainte amach le linn an chéad dhá scéim foilisithe go dtí seo.

San triú Scéim, leagtar amach gealltanais thar ceann na Roinne agus thar cheann na fóirne chun cur leis na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair; aithnítear chomh maith réimsí áirithe a bhféadfaí feabhsú ó thaobh leibhéal na seirbhíse de a sholáthraíonn an Roinn trí mhéan na Gaeilge sna blianta beaga amach romhainn.

Tá cóip den scéim ar fáil ag .

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.