Written answers
Wednesday, 6 April 2016
Department of Foreign Affairs and Trade
Foireann Roinne
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
613. To ask the Minister for Foreign Affairs and Trade cad é an líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéad duine acu siúd atá ag feidhmiú i bpoist atá daingnithe (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé i gceist aon phoist eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5824/16]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
614. To ask the Minister for Foreign Affairs and Trade an bhfuil sé mar dhualgas oifigiúil ar bhaill foirne aonair ar leith de chuid a Roinne seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge d’aon duine a lorgaíonn í nó an ar bhonn deonach amháin a thoilleann baill foirne a Roinne seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5840/16]
Charles Flanagan (Laois, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé i gceist agam ceist 5824/16 agus 5848/16 a fhreagairt le chéile.
Faoi réir scéim teanga mo Roinnse, d’fhostaigh an Roinn Oifigeach Feidhmiúcháin le scileanna Gaeilge. Tá an t-oifigeach sin ag feidhmiú mar Oifigeach Gaeilge na Roinne. De bhreis air sin, mar chuid dár dtiomantas iomlán dár saoránaigh, tá beirt Oifigeach Cléireachais ón sruth Gaeilge de phainéal Oifigeach Cléireachais ceaptha le gairid againn in Oifigí na bPas in Áth Cliath agus i gCorcaigh.
No comments