Written answers
Wednesday, 6 April 2016
Department of Children and Youth Affairs
Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
410. To ask the Minister for Children and Youth Affairs cad é an líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéad duine acu siúd atá ag feidhmiú i bpoist atá daingnithe (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé i gceist aon phoist eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5818/16]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
411. To ask the Minister for Children and Youth Affairs an bhfuil sé mar dhualgas oifigiúil ar bhaill foirne aonair ar leith de chuid a Roinne seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge d’aon duine a lorgaíonn í nó an ar bhonn deonach amháin a thoilleann baill foirne a Roinne seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5834/16]
James Reilly (Dublin North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhreacha 410 agus 411 le chéile.
Tá 174 oifigeach fostaithe i mo Roinn. Táimid ag iarraidh beirt oifigeach nua a fháil a bhfuil acmhainn acu chun cabhrú leis an Roinn seirbhís a sholáthar trí mheán na Gaeilge d'aon duine a lorgaíonn í. Níl aon phost áirithe sa Roinn a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis. Tá triúr fostaithe ar ball foirne a chabhraíonn lena gcomhgleacaithe i gcursaí Gaeilge ar bhonn deonach ó ham go chéile.
No comments