Written answers
Wednesday, 6 April 2016
Department of Justice and Equality
Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
361. To ask the Minister for Justice and Equality cad é an líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéad duine acu siúd atá ag feidhmiú i bpoist atá daingnithe (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé i gceist aon phoist eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5827/16]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
362. To ask the Minister for Justice and Equality an bhfuil sé mar dhualgas oifigiúil ar bhaill foirne aonair ar leith de chuid a Roinne seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge d’aon duine a lorgaíonn í nó an ar bhonn deonach amháin a thoilleann baill foirne a Roinne seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5843/16]
Frances Fitzgerald (Dublin Mid West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhireacha 361 agus 362 le chéile.
Tá thart ar 1900 ball foirne ar fostú i mo Roinnse. Tá post amháin ag an Roinn faoi láthair, post Aistritheora, a bhfuil sé riachtanach go mbeadh an sealbhóir dátheangach go feidhmiúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Is é príomhról an Aistritheora Rialacha Cúirte a aistriú go Gaeilge.
Níl aon ghá, ag an tráth seo, go n-aithneodh mo Roinn aon phoist bhreise a mbeadh sé riachtanach go mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge ag iarrthóirí orthu.
Ina theannta sin, tá cohórt de níos mó ná 40 oifigeach sa Roinn atá ar fáil chun seirbhísí a sholáthar (i.e. ceisteanna agus fiosruithe a fhreagairt) i nGaeilge.
No comments