Written answers

Tuesday, 26 January 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Farantóireachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

512. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht céard atá déanta aici lena chinntiú go mbeidh seirbhís farantóireachta laethúil go hÁrann tar éis an chéad lá d’Fheabhra; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2993/16]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar atá a fhios ag an Teachta, ní foláir, tháinig deireadh leis an gconradh farantóireachta paisinéirí do Árainn (Inis Mór) ar 31 Eanáir 2013 agus níl aon chonradh ag mo Roinn don tseirbhís seo ó shin. Cé go raibh cruinnithe idir mo Roinn agus an comhlacht farantóireachta, rinne siad féin cinneadh gan glacadh le conradh ach go leanfadh Aran Ferries Teo ag cur seirbhís rialta ar fáil ar bhonn bliantúil. Tuigtear dom go bhfuil an farantóir sásta leanúint leis an tseirbhís bhliantúil i gcónaí ag an minicíocht céanna gan fóirdheontas ó mo Roinn. Is léir, áfach, go bhfuil an deacracht atá ann faoi láthair ag eascairt as na fodhlíthe atá le cur i bhfeidhm ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar Ché Chill Rónáin. Tuigim go bhfuil comhráití ar siúl faoi láthair ag Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir leis na deacrachtaí sin. Mar Aire Stáit le cúraimí don Ghaeltacht agus na h-oileáin, ba mhaith liom a shoiléiriú go bhfuil mé oscailte d’aon chéim réasúnta a thógáil a chuideoidh le réiteach a fháil ar an gceist seo. Bhí cruinnithe agamsa le hionadaithe phobail Árann, le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus tá mo Roinn i dteagmháil leis an bhfarantóir féin. Ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta freisin go bhfuil fiosruithe déanta ag mo Roinn maidir leis na féidearthachtaí a bhainfeadh le seirbhís éigeandála a chur ar fáil, i gcás go dteipeann ar na hiarrachtaí atá ar siúl faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.